Conairí Iompair Inbhuanaithe BusConnects Chorcaí - Babhta 3 de Chomhairliúchán Poiblí maidir le Roghanna Bealaigh Tosaíochta

Dúnta6 Sam, 2023, 11:30am - 18 Nol, 2023, 11:59pm

Primary tabs

Conairí Iompair Inbhuanaithe BusConnects Chorcaí

Dé Luain, an 6 Samhain 2023, d'fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) moltaí nuashonraithe le haghaidh an tríú babhta de chomhairliúchán poiblí faoin 11 chonair iompair déag inbhuanaithe atá mar chuid de chlár BusConnects Chorcaí.

Is éard atá i gceist leis na Conairí Iompair Inbhuanaithe ná tosaíocht bus agus saoráidí rothaíochta gan aon bhearnaí a chur i bhfeidhm feadh an 11 chonair bhus lárnach i gCathair Chorcaí. Tá thart ar 91 km de lánaí bus/ tosaíocht bus mar chuid de na moltaí chomh maith le 98 km de shaoráidí rothaíochta (aontreo) lena soláthraítear 49km den líonra raonta rothar. Dearadh an 11 Chonair Iompair Inbhuanaithe chun go n-oibreodh an córas bus ar bhealach níos éifeachtúla agus chomh maith leis sin chun go mbeadh sé sábháilte rothaíocht a dhéanamh feadh na bpríomhbhealaí.

Is ar na Roghanna Bealaigh Tosaíochta nuashonraithe do gach aon cheann den aon chonair déag a dhíreofar sa bhabhta is deireanaí de chomhairliúchán poiblí maidir leis na Conairí Iompair Inbhuanaithe. Tagann sé seo sna sála ar dhá bhabhta de chomhairliúchán poiblí, ceann amháin idir Meitheamh agus Deireadh Fómhair na bliana 2022 agus ceann eile idir Márta agus Bealtaine na bliana 2023.

Is iad seo a leanas an 11 chonair atá beartaithe:

A. Dún Citil go Lár na Cathrach;

B. Baile na mBocht go Lár na Cathrach;

C. An Linn Dubh go Lár na Cathrach;

D. Cnoc an Chuilinn go Lár na Cathrach;

E. Baile an Chollaigh go Lár na Cathrach;

F. Baile an Easpaig go Lár na Cathrach;

G. An Tóchar go Lár na Cathrach;

H. Bóthar an Aerfoirt go Lár na Cathrach;

I. Cnoc Maryborough go Lár na Cathrach;

J. Machain go Lár na Cathrach;

K. Bóthar Chionn tSáile go Dúglas

 

Beidh an comhairliúchán poiblí ar siúl sa tréimhse ó Dé Luain, an 6 Samhain go dtí Dé Luain, an 18 Nollaig 2023.

Ba chóir aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt tríd an nasc "Déan Aighneacht" ar an leathanach seo. Agus aighneacht á déanamh agat, déan an STC ábhartha a bhfuil aiseolas á thabhairt agat ina leith a roghnú i rannán na gCaibidlí, nuair a iarrtar ort é sin a dhéanamh, nó roghnaigh Caibidil na Moltaí Foriomlána chun aiseolas a thabhairt faoi na moltaí foriomlána.

 

Is féidir aighneachtaí a sheoladh tríd an bpost chuig:

Oifig Chorcaí an ÚNI,

An tÚdarás Náisiúnta Iompair

Svuít 427,

1 Cé Uí Argáin,

Waterfront Square,

Contae Chorcaí. T23 PPT8

 

 

Ábhair

Glac síntiús