Beartas Príobháideachais

Achoimre

Tá an Fógra Príobháideachta seo eisithe ag Údarás Náisiúnta Iompair Dhún Scéine, Lána Fhearchair, Baile Átha Cliath 8 (“NTA”, “muid”, “sinn”, “ár”).

Is seirbhís saor in aisce í Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne an Údaráis Náisiúnta Iompair a chuirtear ar fáil chun rannpháirtíocht i gcomhairliúcháin phoiblí a chumasú. Foilsíonn an tairseach comhairliúcháin inar féidir leat aighneachtaí a dhéanamh, teachtaireachtaí a fháil faoi chomhairliúcháin, léamh agus idirghníomhú le haighneachtaí foilsithe.

Is é cuspóir an fhógra seo tú a chur ar an eolas faoi na sonraí a bhaineann leat a d’fhéadfaimis a bhailiú agus a úsáid maidir le Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne an NTA agus na húsáidí (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe) a d’fhéadfaimis a dhéanamh as sonraí den sórt sin. Má tá aon cheist agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn le do thoil ag [email protected].

Forchoimeádann an NTA an ceart raon feidhme an ráitis phríobháideachais a leasú tráth ar bith a bhféadfadh suíomhanna nó ardáin eile a áireamh nó a eisiamh.

Sonraí aitheantais agus teagmhála an rialaitheora:

Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair, Dún Scéine, Cúirt Uíbh Eachach, Lána Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 an Rialaitheoir Sonraí

Sonraí teagmhála an Oifigigh Chosanta Sonraí:
-- Ríomhphost: [email protected]

Sonraí aitheantais agus teagmhála an phróiseálaí:

Is é CiviQ an próiseálaí sonraí. Business Barn, Lána Bhaile Uí Cheallaigh, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara.

-- Ríomhphost:        [email protected]
-- Guthán:               (01) 254 8006

Cén chaoi a mbailímid do chuid faisnéise?

Bailíonn an Tairseach Comhairliúcháin, ar a dtugtar an “ardán”, agus an próiseálaí sonraí, CiviQ, faisnéis phearsanta uait ar ár son, chun do fhreagraí ar chomhairliúcháin phoiblí agus rannpháirtíocht le freagróirí eile a éascú. Bailítear do chuid faisnéise ar na bealaí seo a leanas:

  • Go díreach ón méid a scríobhann tú chuig an ardán ar an bhfoirm chlárúcháin, ar fhoirmeacha aighneachta, ar fhoirmeacha suirbhé agus i mboscaí tráchta;
  • Go huathoibríoch trí theicneolaíocht an ardáin, lena n-áirítear rianú ar líne trí bhíthin fianán gréasáin mar shampla (ar comhaid bheaga téacs iad arna gcruthú ag suíomhanna gréasáin a stóráiltear ar do ríomhaire)

An fhaisnéis a sholáthraíonn tú

Bailímid an fhaisnéis seo a leanas fút ón gcaoi a n-úsáideann tú an t-ardán:

  • Mionsonraí teagmhála, lena n-áirítear d'ainm, do sheoladh ríomhphoist, do sheoladh baile, seoladh do shuímh ghréasáin agus d'uimhir ghutháin;
  • An eagraíocht lena mbaineann tú i gcás go bhfuil eagraíocht nó cuideachta á clárú agat;
  • Inscne agus aois (roghnach);
  • Ainmneacha úsáideora agus pasfhocail;
  • Róil slándála suímh ghréasáin a chuireann ar do chumas feidhmeanna áirithe a chomhlíonadh go slán ar ardán CiviQ;
  • Cóid rianaithe amhail fianáin;
  • Aighneachtaí, tráchtanna, ríomhphoist, aiseolas maidir leis an ardán, léiriú tacaíochta d'úsáideoirí eile agus ábhar eile a chuireann tú ar fáil ar an ardán;
  • Toiliú chun ríomhphoist a fháil maidir le síntiúis, fógraí agus teachtaireachtaí, lena n-áirítear dáta agus am an toilithe;
  • Seoltaí Prótacal Idirlín (IP) anaithnidithe a úsáideadh chun do ríomhaire a cheangal leis an Idirlíon;
  • Cruthú cuntais agus an dáta agus am deiridh a logáil tú isteach;
  • Chun taifead dhéanamh gur ghlacadh leis an bPolasaí Príobháideachta agus Téarmaí agus Coinníollacha eile;
  • Iniúchadh ar thascanna modhnóireachta ar d'aighneacht.

Má thugann tú aighneacht ar chomhairliúcháin de chineálacha áirithe beidh ort, nó b'fhéidir go mbeidh ort, d'ainm agus do sheoladh a thabhairt. Mar sin, iarrtar ort na sonraí sin a sholáthar nuair a logálann tú isteach san ardán le go mbeidh tú in ann páirt a ghlacadh go héasca i ngach sórt comhairliúcháin. Is gá toiliú a thabhairt chun cineálacha áirithe cumarsáide a fháil ón ardán. Orthu sin tá teachtaireachtaí agus fógraí. Féadfaidh tú a roghnú gur mhaith leat fógraí faoi chomhairliúcháin agus teachtaireachtaí córais a fháil nó nár mhaith leat sin agus an toiliú a tharraingt siar.

Is féidir leat do shocruithe toilithe le haghaidh cumarsáide, fógraí agus teachtaireachtaí a bhainistiú tríd an leathanach Bainistigh Toiliú ar an tairseach comhairliúcháin ag: https://consult.nationaltransport.ie/user/consent.
 

Cuspóirí Próiseála agus Bunús Dlí

Úsáidfimid sonraí pearsanta a bhaineann leat chun na críocha seo a leanas:

  • d'úsáid den Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne a éascú de réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha
  • tú a chlárú le cuntas ar an Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne;
  • ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le do fhreagraí ar chomhairliúcháin phoiblí a phróiseáil;
  • eolas a chur ar fáil duit;
  • dearbhú a thabhairt duit go bhfuil do fhreagra ar chomhairliúchán faighte againn;
  • fógra a thabhairt duit faoi athruithe ar aon cheann dár seirbhísí;
  • a chinntiú go gcuirtear ábhar ón ardán i láthair ar an mbealach is éifeachtaí duit féin agus do do ríomhaire
  • tacaíocht do chustaiméirí a sholáthar duit
  • cumarsáid riachtanach a bhaineann le seirbhís a sheoladh chugat
  • ár bhfeidhmeanna a chomhlíonadh mar údarás poiblí agus ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh 
Faisnéis fút féin a bhailíonn an t-ardán.
Úsáidtear an fhaisnéis sin:
  • chun an t-ardán a riaradh agus chun oibríochtaí inmheánacha a chur i gcrích, lena n-áirítear fabhtcheartú agus tástáil;
  • chun an t-ardán a fheabhsú d'fhonn a chinntiú go gcuirtear ábhar i do láthair ar an mbealach is éifeachtaí duit féin agus do do ríomhaire nó do ghléas móibíleach;
  • chun an t-ardán a choinneáil sábháilte agus slán; agus
  • chun cuidiú le hionchuimsitheacht na gcomhairliúchán poiblí agus raon a dtionchair a mhéadú trí anailísíocht tríú páirtí dála Google Analytics a úsáid.
     

An bunús dlí atá againn le do chuid faisnéise a úsáid

  • Is iad seo a leanas na boinn ar a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta: go bhfuil sé seo riachtanach chun ár gconradh leat a chomhlíonadh a rialaíonn d’úsáid a bhaint as Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne an NTA;
  • Go bhfuil sé seo riachtanach chun tascanna a dhéanaimid a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn de réir an dlí (lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta don Acht um Údarás Iompar Bhaile Átha Cliath 2008, Rialachán Iompar Poiblí 2009, an tAcht Clampála Feithicle 2015). agus an tAcht um Rialáil Tacsaithe 2013);
  • Go bhfuil sé seo riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhaineann linn a chomhlíonadh; nó
  • Go bhfuil do thoiliú tugtha agat don phróiseáil.

Iarrfaimid do thoiliú maidir le cineálacha áirithe cumarsáide agus fógraí.
 

Cén fhad a choimeádaimid do chuid faisnéise

Ní choinneoimid do shonraí pearsanta níos faide ná mar is gá. Coimeádaimid do shonraí pearsanta chomh fada agus a bhíonn gá againn leo chun na gcríoch a bhfuil cur síos orthu san Fhógra seo, nó chun ár n-oibleagáidí faoin dlí infheidhme a chomhlíonadh agus, más ábhartha, chun déileáil le haon éileamh nó díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir tú féin agus sinne.

Coinnítear aighneachtaí comhairliúcháin phoiblí ar feadh tréimhse suas le 7 mbliana.

Aistrithe thar lear

I gcás go dtugaimid duit (nó i gcás go roghnaíonn tú) pasfhocal a chuireann ar do chumas teacht a fháil ar chodanna áirithe den ardán, tá tú freagrach as an bpasfhocal sin a choinneáil faoi rún. Iarraimid ort gan do phasfhocal a roinnt le duine ar bith.

Ní rud iomlán slán é tarchur eolais thar an Idirlíon. Cé go ndéanfaimid ár ndícheall do chuid sonraí pearsanta a chosaint, ní féidir linn slándáil na sonraí a tharchuirtear chuig ár n-ardán a ráthú; is ar do phriacal féin é aon tarchur. Ón uair a fhaighimid do chuid faisnéise leanfaimid nósanna imeachta dochta agus úsáidfimid uirlisí slándála chun teacht neamhúdaraithe uirthi a chosc.

Is laistigh den Aontas Eorpach a tharchuirfear sonraí agus beidh an tarchur faoi chumhdach an RGCS dá réir.

Do Chuid Faisnéise a Nochtadh

Féadfaimid do shonraí pearsanta a nochtadh d’eagraíochtaí eile maidir leis na cuspóirí thuas, lena n-áirítear:

  • do thríú páirtithe a mbímid ag plé leo chun seirbhísí a sholáthar dúinn maidir leis an Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne amhail soláthraithe seirbhísí seachfhoinsithe, soláthraithe seirbhísí TF, comhairleoirí gairmiúla agus iniúchóirí; agus
  • chuig údaráis agus comhlachtaí poiblí eile nuair a cheanglaítear nó a gceadaítear sin faoin dlí, mar na Gardaí nó údaráis forghníomhaithe dlí eile chun críocha coireachta a chosc, a imscrúdú nó a bhrath.

Cinnteoireacht Uathoibrithe

Ní úsáidtear do chuid sonraí pearsanta le haghaidh aon chineál uathchinnteoireachta.

Fianáin

Chun tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-úsáidimid fianáin, féach an Beartas maidir le Fianáin.

Do chearta

Tá cearta áirithe agat maidir leis an bhfaisnéis phearsanta s'agatsa a phróiseálaimid. Tugtar liosta de na cearta sin thíos. Ní cearta glana iad seo; tá feidhm acu faoi réir coinníollacha áirithe. Mar shampla, féadfar do chearta a áireamh orthu seo:

  • an ceart teacht a fháil ar shonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn;
  • an ceart ceangal a chur orainn aon sonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn agus atá neamhchruinn a cheartú;
  • i gcásanna áirithe, an ceart ceangal a chur orainn sonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn a scriosadh;
  • i gcásanna áirithe, an ceart srian a chur ar an bpróiseáil a dhéanaimid ar shonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn;
  • i gcásanna áirithe, an ceart chun sonraí pearsanta ar sholáthair tú dúinn a fháil i bhformáid struchtúrtha a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín. Féadfar freisin an ceart a bheith agat ceangal a chur orainn na sonraí pearsanta sin a tharchur chuig eagraíocht eile nuair is féidir, ar iarraidh uait;
  • an ceart agóid a dhéanamh maidir leis an bpróiseáil a dhéanaimid ar shonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn (lena n-áirítear chun críocha ábhar margaíochta a sheoladh chugat); agus
  • an ceart do thoiliú a tharraingt siar, i gcás go bhfuilimid ag brath air chun úsáid a bhaint as do chuid sonraí pearsanta.

Is féidir leat cearta áirithe a fheidhmiú go díreach san ardán ar an leathanach Cuntas Pearsanta; an leathanach Mo Chuid Aighneachtaí; an leathanach Bainistigh Toiliú; agus ar na foirmeacha toilithe a úsáidimid nuair a bhailímid do chuid faisnéise pearsanta ach tic a chur le boscaí áirithe. Fágann sin gur féidir leat do chuid sonraí pearsanta a choinneáil suas chun dáta agus cineálacha áirithe próiseála a sheachaint.

Maidir le cumarsáid, más mian leat athbhreithniú a dhéanamh ar do roghanna tráth ar bith nó iad a athrú, is féidir leat an fheidhm ‘scar-rogha’ nó ‘díliostála’ a úsáid nó leas a bhaint as na bealaí eile chun sin a dhéanamh a chuirimid ar fáil sna píosaí cumarsáide a fhaigheann tú uainn. Tabhair do d'aire go bhféadfaidh tú píosaí cumarsáide idirbheartaíochta a fháil fós féin maidir le do chuid aighneachtaí.

 Chun na cearta sin a fheidhmiú, déan teagmháil linn ag: [email protected]

Oibleagáid sonraí pearsanta a sholáthar

Níl dualgas reachtúil nó conarthach ort aon sonraí pearsanta a sholáthar dúinn. Mar sin féin, tá roinnt píosaí faisnéise a theastaíonn uainn chun tú a chlárú le cuntas ar Thairseach Comhairliúcháin Ar Líne an NTA

Mura gcuireann tú an fhaisnéis atá ag teastáil ar fáil dúinn, ní bheimid in ann d’úsáid den Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne a éascú

Nuashonruithe ar an bhfógra príobháideachta seo

D’fhéadfaimis an polasaí seo a nuashonrú ó am go chéile. Molaimid duit athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ar an mbeartas seo chun an t-eolas is déanaí a fháil ar ár gcleachtais phríobháideachais.

Ábhar imní nó gearáin

Má tá aon imní nó gearáin agat faoi phróiseáil do shonraí pearsanta nó faoi fhreagraí an NTA maidir le do shonraí pearsanta, tá sé de cheart agat gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí, [email protected].

09 Samhain 2021