STC I - Cnoc Maryborough go dtí an Chathair

Tosaíonn an Chonair Iompair Inbhuanaithe ó Chnoc Maryborough go Lár na Cathrach (STC I) ag barr Chnoc Maryborough ag an timpeallán atá ann cheana a nascann le Bóthar Mhuine Guairne/an Gharraí Dhuibh. Tá raonta rothar scartha beartaithe sa dá threo ón timpeallán seo go Timpeallán Fingerpost, agus tá sé beartaithe é sin a thiontú go hacomhal le comharthaí. Tá sé beartaithe go dtosóidh lána bus isteach (i dtreo lár na cathrach) 100m ó dheas d’acomhal Chnoc Maryborough le hEastát Elden agus leanfaidh sé ó thuaidh chomh fada le Bóthar an Ghleanntáin Ghlais.

Beartaítear briseadh sa lána bus ansin idir an t-acomhal le Bóthar an Ghleanntáin Ghlais agus Bóthar Lime Trees, chuirfí tús le lána an bhus ansin arís suas go dtí Acomhal Fingerpost comharthaithe atá beartaithe Téann na háiseanna bus agus rothar atá beartaithe ar aghaidh trí Shráidbhaile Dhúghlais trí Shráid Dhúghlais Thoir. Tá sé beartaithe go mbeidh Sráid Dhúglais Thoir teoranta do rochtain áitiúil amháin le tabhairt isteach dhá gheata bus nua. Leis sin, laghdófar moill ar bhusanna agus chuirfeadh sé bealach sábháilte ar fáil do rothaithe gan gá le leathnú an bhóthair.

Leanann an bealach bus agus rothar feadh Bhóthar Dhúglais (R610), áit a bhfuil tosaíocht bus agus raonta rothar leithscartha beartaithe chomh fada le hEastát Rhodaville sa treo ó thuaidh agus Ospidéal Naomh Fionnbarra sa treo ó dheas. Chun an méid sin a éascú, bhainfí leas as geataí bus ag buaic-amanna chun an tsráid a dhéanamh teoranta do rochtain áitiúil, busanna agus rothaithe amháin. Ag acomhal Bhóthar Dhúglais agus an Bhóthair Theas, leanann an bealach bus ar aghaidh ar an mBóthar Theas, agus beidh rothaithe ag taisteal ar bhealach sráide ciúin ar an tSráid Ard agus ar Rae Langford roimh chumasc leis an mbealach bus atá beartaithe arís ag an taobh thuaidh den Bhóthar Theas.

Leanann na bealaí bus agus rothar ar Bhóthar na hOtharlainne agus Sráid Anglesea. Ag an acomhal le Bóthar an tSeanstáisiúin, casann an bealach bus a bheartaítear soir ar Bóthar an tSeanstáisiúin agus nascann sé leis an gConair Iompair Inbhuanaithe H (Aerfort go Lár na Cathrach) in aice láimhe. Ceanglaíonn an rotharbhealach beartaithe leis an mbonneagar atá ann cheana ar Shráid Anglesea.