STC A - Dún Citil go dtí an Chathair

Tosaíonn Conair Iompair Inbhuanaithe Dhún Citil go Lár na Cathrach ag Timpeallán Dhún Citil. Is ón áit seo chomh fada le Gairdíní Mílaoise Chalafort Chorcaí a shínfidh an bonneagar rothaíochta agus bus a thógfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí mar chuid de thionscadail ar leith atá beartaithe acu. Tá an Droichead Tairsí Thoir, Clár Pathfinder agus an Fhorbraíocht ag Dugaí Tivoli i measc na dtionscadal sin.

Tosaíonn an busbhealach atá beartaithe faoin gclár BusConnects Chorcaí (STC A) laistiar de Ghairdíní Mílaoise Chalafort Chorcaí, agus uaidh sin leanann sé Bóthar Ghleann Maghair Íochtarach go dtí Sráid an Uisce, áit a gcasann sé ó dheas agus leanann sé ar aghaidh go Cé Uí Argáin sula gcasann sé ar dheis isteach ar Shráid Alfred. Tá ceann an bhealaigh ag an acomhal le Sráid Mhic Curtáin.

Tosaíonn an rotharbhealach atá beartaithe faoin gclár BusConnects Chorcaí laistiar de Ghairdíní Mílaoise Chalafort Chorcaí. Clárchosán nua do choisithe agus do rothaithe araon atá ann feadh Bhóthar Ghleann Maghair Íochtarach, lasmuigh de bhallaí na cé. Leanann rothaithe ar aghaidh ansin ar raon rothar nua a ritheann trí na Dugaí Thuaidh. Nascann an raon rothar seo le rotharbhealach cois cé ar Ché Uí Argáin agus síneann an rotharbhealach sin i dtreo lár na cathrach.