STC H - Bóthar an Aerfoirt go dtí an Chathair

Tosaíonn Conair Iompair Inbhuanaithe an Aerfoirt (STC H) ag acomhal an N27 Bóthar Chionn tSáile (Bóthar an Aerfoirt) agus Bóthar Bhaile Uí Chuirrín, ag an tigh tábhairne Bull McCabe’s. Téann an chonair feadh an N27 i dtreo Acomhal Bhóthar Chionn tSáile, sula leanann sé ar Bhóthar Chionn tSáile, i dtuaisceart an Acomhail. Scarann na bealaí molta do bhusanna agus rothaithe ag Ascaill Uí Chonaill.

Casann an chonair bhus mholta ar dheis ar Bhóthar Dhúglais Theas agus téann sí go dtí an N27 Bóthar Ceangail Deisceart na Cathrach tríd an slioslána atá ann cheana féin. Leanann an chonair bhus ó thuaidh feadh an N27 Bóthar Ceangail Deisceart na Cathrach agus trí Shráid Eglinton agus Sráid Chluain Tarbh, sula gcríochnaíonn sé ag Cé Andarsan.

Moltar do rothaithe dul trí Bhóthar an Churraigh, Ascaill Uí Chonaill, An Bóthar Síorghlas, Cnoc an tSamhraidh Theas agus Rae Langford, sula gcastar ar Bhóthar na hOtharlainne agus ag críochnú ag acomhal Sráid Anglesea/Bhóthar an tSeanstáisiúin. Ón áit seo, beidh áiseanna rothaíochta ar fáil do rothaithe ar Sráid Anglesea agus Plás Parnell.

Moladh áiseanna rothaíochta tiomnaithe feadh thromlach na conaire le cóireálacha bóthar ciúine molta in áiteanna nach bhfuil áiseanna tiomnaithe ar fáil. Cuirtear tosaíocht ar fáil do bhusanna feadh thromlach na conaire le lánaí bus tiomnaithe nó céimeanna bainistíochta tráchta chun bainistíocht a dhéanamh ar chúrsaí tráchta le hiontaofacht a chinntiú maidir le tráthúlacht turais bhus.