STC D - Cnoc an Chuilinn go dtí an Chathair

Tosaíonn Conair Iompair Inbhuanaithe Chnoc an Chuilinn go dtí an Chathair (STC D) ag Campas Apple ar Bhóthar Tadhg Barry. Cuireadh síneadh gairid le STC D, feadh Bhóthar Radharc an Chuain idir an t-acomhal le Bóthar na Blarnan agus an t-acomhal le Bóthar Tadhg Barry. Téann an chonair ar aghaidh ar Bhóthar Tadhg Barry, Bóthar Radharc an Chuain, Bóthar an Bháicéara agus Bóthar na hArdeaglaise.

Ó Bhóthar na hArdeaglaise téann an chonair ar aghaidh go Sráid na hArdeaglaise, An tSráid Rómhánach, Sráid Eoin Uachtarach, Sráid Sheáin Réamainn agus Bóthar Uí Mhaolchraoibhe go Cé Camden. Nascann an chonair atá beartaithe freisin le Conair Iompair Inbhuanaithe C (STC C) - An Linn Dubh go dtí an Chathair ag crosbhealach Shráid Uí Chonaill agus Bóthar Chúrsa an Uisce.

Tabharfar tús áite do bhusanna ar STC D a úsáideann lánaí bus tiomnaithe ar Bhóthar Tadhg Barry, Bóthar Radharc an Chuain agus Bóthar an Bháicéara chomh fada leis an acomhal le Campas Sláinte Mhuire. Tá srian fisiceach ar Bhóthar na hArdeaglaise, ar Shráid na hArdeaglaise, ar An tSráid Rómhánach, ar Shráid Eoin Uachtarach, ar Shráid Sheáin Réamainn agus ar Bhóthar Uí Mhaolchraoibhe. Le sraith comharthaí tráchta tosaíochta bus agus geataí bus ag príomhshuíomhanna tógfar an tréthrácht agus cuirfear tosaíocht bus ar fáil feadh na coda sin den STC.

Áirítear le nascacht do rothaithe raonta rothar tiomnaithe ar Bhóthar Tadhg Barry, Bóthar Radharc an Chuain agus Bóthar an Bháicéara chomh fada le hacomhal Bhóthar an Bháicéara agus Bóthar Cholm Cille. As seo soláthraítear raonta rothar tiomnaithe ar Bhóthar Cholm Cille, ar Chéide Ghleann na Gréine, ar Bhóthar na Mainistreach Thuaidh agus ar Shráid Uí Chonaill chomh fada le hacomhal Shráid Uí Chonaill agus Bóthar Chúrsa an Uisce. Nascann saoráidí rothaíochta ansin leis na tograí do Chonair Iompair Inbhuanaithe C (STC C) - An Linn Dubh go dtí an Chathair, áit ina bhforluíonn sé feadh Bhóthar Chúrsa an Uisce, ó Shráid Uí Chonaill go Siúlóid na hArdeaglaise. As seo tá sé beartaithe go leanfaidh rotharbhealach STC D bealach sráide ciúine feadh Shráid Eoin Uachtarach, Sráid Eoin Íochtarach agus Cearnóg an Chnapaigh.