STC F - Baile an Easpaig go dtí an Chathair

Tosaíonn Conair Iompair Inbhuanaithe Bhaile an Easpaig go dtí an Chathair (STC F) ag acomhal Bhóthar Melbourn/Bhóthar an Churraichín agus leanann sé ar aghaidh feadh Bhóthar an Churraichín agus ar aghaidh go Bóthar Bhaile an Easpaig. Ansin téann an dorchla thar Ospidéal Ollscoile Chorcaí agus ag Timpeallán Wilton atá ann cheana féin casann sé ó thuaidh ar Bhóthar Wilton agus leanann sé ar aghaidh go Crois Dennehy. Cuirtear dhá bhealach eile ar fáil do rothaithe comhthreomhar le Bóthar Wilton, ceann ar an taobh thiar agus ceann ar an taobh thoir. Is éard a bheidh sa bhealach malartach beartaithe siar ná bealach sráid chiúin feadh Ascaill Wilton, trí CUH agus feadh Ascaill Bhaile an Easpaig. Is éard a bheidh sa bhealach malartach beartaithe soir ná raon rothar dhá threo scoite nua feadh Bhóthar an Ghlaisín chun nascadh leis na saoráidí coisithe agus rothaíochta atá ann cheana féin ar Lána Buachaill na Scoile.

Ó Chrois Dennehy, téann an chonair ar aghaidh ó thuaidh feadh Bhóthar Chrois Victoria agus ar aghaidh chuig Bóthar an Iarthair. Amhail mar atá beartaithe do Bhóthar Wilton, cuirtear bealach eile ar fáil do rothaithe chuig busanna do chuid den chonair, ag atreorú ó Bhóthar an Iarthair go dtí an bealach comhthreomhar atá ann cheana féin feadh Shiúlán na Mairdíge. Ansin tagann na conairí bus agus rothaíochta le chéile ag acomhal Bhóthar Uí Dhonnabháin/Bhóthar an Iarthair. Ansin leanann an chonair ar aghaidh feadh na coda eile de Ché Lancaster agus de Shráid Washington sula gcríochnaítear ag acomhal Shráid Washington/na Paráide Móire.

Soláthraítear raonta rothar tiomnaithe nó saoráidí rothaíochta eile lasmuigh den chonair feadh fad iomlán STC F. Cuirtear tosaíocht do bhusanna ar fáil d’fhormhór an STC trí lánaí tiomnaithe bus a úsáid sa dá threo agus bearta malartacha ag láithreacha srianta go háirithe.