STC B - Baile na mBocht go dtí an Chathair

Tosaíonn Conair Iompar Inbhuanaithe (STC) ó Bhaile na mBocht go dtí an Chathair ag Tinker’s Cross (crosbhealach an Chuarbhóthair Thuaidh (R635) agus Sheanbhóthar Eochaille. Téann an chonair ar aghaidh ar Sheanbhóthar Eochaille go Crois an Díolúnaigh. As seo téann an chonaire ar aghaidh ar Bhóthar Bhéal Átha hÚlla (R614) go Crois Lúcáis agus ar aghaidh feadh Chnoc an tSamhraidh Thuaidh i dtreo lár na cathrach.

Tá srian fisiceach ar Sheanbhóthar Eochaille, Bóthar Bhéal Átha hÚlla agus Cnoc an tSamhraidh Thuaidh i roinnt ceantar. Tá sé beartaithe go soláthrófar tosaíocht bus feadh na conaire sin trí bhearta éagsúla amhail srianta ar chasadh, geataí bus agus comharthaí tráchta, mar a leanas.

  • Geata bus isteach (stráicí gairide de bhóthar bus/rothair amháin) ar Sheanbhóthar Eochaille ag Tinker’s Cross. Tá sé beartaithe go n-oibreoidh an geata bus sin le linn bhuaicuaireanta na maidine amháin.
  • Geata bus amach ar Sheanbhóthar Eochaille ag Páirc Í. Tá sé beartaithe go n-oibreoidh an geata bus sin le linn buaicuaireanta an tráthnóna amháin.
  • Srian ó dheas ‘díreach ar aghaidh’ don trácht ginearálta ar Bhóthar Bhéal Átha hÚlla ag Ascaill an Ghleanna. Tá sé beartaithe go n-oibreoidh an srian sin le linn buaicuaireanta na maidine amháin.
  • Geata bus amach ar Bhóthar Bhéal Átha hÚlla ag Ascaill an Ghleanna. Tá sé beartaithe go n-oibreoidh an geata bus sin le linn buaicuaireanta an tráthnóna amháin.
  • Tá cosc ar chasadh ar chlé ar Chnoc Gordon chun na bearta ar Bhóthar Bhéal Átha hÚlla ag Ascaill an Ghleanna thuas a chomhlánú.
  • Tréscaoilteacht scagtha ar York Hill chun cosc a chur ar an tréthrácht, seachas coisithe agus rothair.

Glacann rothaithe bealach eile do bhusanna a thosaíonn ina ionad sin ag crosbhealach an Chuarbhóthair Thuaidh (R635) agus Ascaill Cholm Cille, ag dul ó thuaidh i dtreo Sheanbhóthar Eochaille trí ghréasán sráideanna ciúine ina roinneann úsáideoirí rothar an carrbhealach leis an trácht áitiúil. As seo, déantar na saoráidí do choisithe, rothaithe agus busanna a chumasc agus taistealaíonn siad siar feadh Sheanbhóthar Eochaille chomh fada le Plasóg Murmont. As seo tá bealach sráide ciúine beartaithe trí Lána Leycester agus Bóthar Ghleann Maghair Láir sula leanann rothaithe ar aghaidh go dtí an chathair trí Bhóthar Wellington, York Hill agus Cnoc an tSamhraidh Thuaidh