STC J - Machain go dtí an Chathair

Téann Conair Iompair Inbhuanaithe Mhachan go dtí an Chathair (STC J) i dtreo na cathrach ó dhá phointe tosaigh éagsúla. Tosaíonn an chéad cheann dá dhá chúl ar Oileán Iacóib agus téann sí isteach (i dtreo na cathrach) ar Bhóthar Ceangail Loch Machan (R852) chomh fada leis an acomhal le Bóthar na Sceiche Airde.

Tosaíonn an dara cúl ag Ionad Siopadóireachta Rinn Mhachan agus úsáideann sé an rochtain do bhusanna amháin atá ann cheana féin ag an taobh thoir de Chéide Mhichíl. Téann sé feadh Estuary Drive, Bóthar Rinn Mhachain, Ascaill Rennes agus Bóthar na Sceiche Airde ansin chomh fada leis an acomhal le Bóthar Ceangail Loch Mhachan (R852).

Ón bpointe sin (gar don Phríomh-Oifig Staidrimh) tagann an dá chúl le chéile agus leanann an STC isteach go dtí an chathair ar Bhóthar na Sceiche Airde, ar Lána na Reilige agus ar Bhóthar an Bhóithrín Mheánaigh, sula dtéann sé isteach i gConair Iompair Inbhuanaithe H – Aerfort go dtí an Chathair ag an acomhal leis Bóthar Ceangail na Cathrach Theas (N27).

Leanann an rotharbhealach an bealach bus den chuid is mó dá fhad ach imíonn sé ón mbealach bus ag acomhal Bhóthar an Bhóithrín Mheánaigh agus Ascaill Bhaile na Carraige. As seo tá sé beartaithe go n-úsáidfeadh rothaithe sráideanna ciúine Ascaill Bhaile na Carraige, Seanbhóthar na Dúcharraige agus Bhóthar Bhaile na Carraige. Tá droichead nua níos leithne do choisithe agus rothaithe molta chun Bóthar Bhaile na Carraige a cheangal le Bóthar Ibeirneach. Téann an rotharbhealach le Conair Iompair Inbhuanaithe I ar Shráid Anglesea (R610) ansin, chun leanúint ar aghaidh isteach i lár na cathrach.