Moltaí Foriomlána

B'fhéidir gur mhaith leat do chuid tuairimí a chur in iúl dúinn faoi na moltaí foriomlána maidir le Conairí Iompair Inbhuanaithe BusConnects Chorcaí. Roghnaigh Caibidil na Moltaí Foriomlána agus aighneacht á déanamh agat chun d'aiseolas a thabhairt faoi na moltaí foriomlána.

Dé Luain, an 6 Samhain 2023, d'fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) moltaí nuashonraithe le haghaidh an tríú babhta de chomhairliúchán poiblí faoin 11 chonair iompair déag inbhuanaithe atá mar chuid de chlár BusConnects Chorcaí.

Is éard atá i gceist leis na Conairí Iompair Inbhuanaithe ná tosaíocht bus agus saoráidí rothaíochta gan aon bhearnaí a chur i bhfeidhm feadh an 11 chonair bhus lárnach i gCathair Chorcaí. Tá thart ar 91 km de lánaí bus/ tosaíocht bus mar chuid de na moltaí chomh maith le 98 km de shaoráidí rothaíochta (aontreo) lena soláthraítear 49km den líonra raonta rothar. Dearadh an 11 Chonair Iompair Inbhuanaithe chun go n-oibreodh an córas bus ar bhealach níos éifeachtúla agus chomh maith leis sin chun go mbeadh sé sábháilte rothaíocht a dhéanamh feadh na bpríomhbhealaí.

 

Ábhair