STC A - Dún Citil go dtí an Chathair

Dúnta30 Már, 2023, 12:00pm - 26 Bea, 2023, 11:59pm

STC A - Dún Citil  go dtí an Chathair

Pointe tosaithe na Conaire Iompair Inbhuanaithe ó Dhún Citil go Lár na Cathrach (Conair Iompair Inbhuanaithe A) is ea Timpeallán Dhún Citil. Ón áit sin, leanann an bealach bus atá beartaithe ar aghaidh ó dheas, ag trasnú na líne iarnróid atá ann cheana isteach i bhForbairt Cheantar Dugaí Tivoli ar dhroichead nua. Téann sí ar aghaidh trí Cheantar Dugaí Tivoli ar bhóithre nua sula rachaidh sí isteach ar Bhóthar Ghleann Maghair Íochtarach (an N8) an athuair ag acomhal Silversprings. Ó Silversprings ar aghaidh, leanann an bealach bus Bóthar Ghleann Maghair Íochtarach tríd an Droichead Sceabha go dtí Sráid an Uisce, áit a dtiontaíonn sé ó dheas agus a leanann sé ar aghaidh go Cé Uí Argáin sula dtiontóidh sé ar dheis isteach ar Shráid Ailfrid. Críochnaíonn an scéim ag an acomhal le Sráid Mhic Curtáin. Leanann an rotharbhealach atá beartaithe Bóthar Ghleann Maghair Íochtarach (an N8) ó Thimpeallán Dhún Citil feadh an débhealaigh chomh fada leis an droichead sceabha, áit a soláthrófar lánaí leithscartha rothar sa dá threo. Baineann sé úsáid as droichead nua ansin chun dul thar an líne iarnróid agus chun nascadh leis an gconair atá ann cheana laistigh de Ghairdíní Mílaoise Phort Chorcaí. Tá sé beartaithe clárchosán starrmhaide nua do choisithe agus do rothaithe a thabhairt isteach feadh Bhóthar Ghleann Maghair Íochtarach chun an bealach isteach sa pháirc a nascadh chomh fada le hArdán Radharc an Chaisleáin. Ón áit sin, tá sé beartaithe clárchosán ardaithe a thabhairt isteach feadh imeall na habhann chun nascadh le raon rothar nua feadh na gcéanna laistigh de na Dugaí Thuaidh. Nascann sé ansin le rotharbhealach cois cé ar Ché Uí Argáin a leanann ar aghaidh i dtreo lár na cathrach. Sna míreanna seo a leanas, déanfar cur síos níos mine ar gach cuid de Chonair Iompair Inbhuanaithe A, agus sainaithint á déanamh ar na bearta atá beartaithe chun go dtabharfar tús áite don iompar inbhuanaithe

Cork STC Network