I gcomhpháirt le Bus Éireann, tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) ag moladh go gcuirfeadh sé feabhas ar Bhealach 187 agus ba mhaith leis do thuairimí a chloisteáil. Tá an feabhsúchán sin ina chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, atá ina mhór-thionscnamh náisiúnta iompair phoiblí arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Transport for Ireland (TFI).
Is é cuspóir an leasaithe seo ná an méid seo a leanas a sholáthar:
An tseirbhís iompair phoiblí a fheabhsú chuig an Seanchaisleán, Baile Shéamais Dhuibh, Achadh an Iúir agus Ceanannas agus idir na bailte sin
Seirbhís nua a chur ar fáil chuig Crosa Caoil agus chuig limistéir níos lú chontae na Mí agus chontae an Chabháin
Líon na n-imeachtaí in aghaidh an lae a mhéadú agus uaireanta oibrithe sheirbhís 187 trí amchlár níos inléite nua.
Tá sé beartaithe go ndéanfar leasú ar an mbealach i lár 2024.
Togra
Molann an ÚNI Bealach 187 a leasú mar seo a leanas:
Dhéanfaí Bealach 187 a athrú chun oibriú idir Achadh an Iúir agus Ceanannas trí Chrosa Caoil, tríd an Seanchaisleán agus trí Bhaile Shéamais Dhuibh. Ní dhéanfaí an tseirbhís a oibriú a thuilleadh feadh an N3. Féach léarscáil 1.
D’fhreastalódh gach seirbhís ar Cheanannas, ar Chrosa Caoil, ar an Seanchaisleán agus ar Bhaile Shéamais Dhuibh.
Dhéanfaí turais áirithe a oibriú idir an Seanchaisleán agus Baile Shéamais Dhuibh trí Dhroichead Uí Dhálaigh, agus dhéanfaí cuid eile a oibriú trí Chaisleán Raithin.
Ó Luan go Domhnach, dhéanfaí Bealach 187 6 dturas a oibriú in aghaidh an lae ó Cheanannas go dtí Achadh an Iúir mar aon le 5 thuras in aghaidh an lae ó Achadh an Iúir go dtí Ceanannas.
Mar thoradh ar na moltaí:
Ní dhéanfaí Bealach 187 a oibriú a thuilleadh feadh an N3 idir Ceanannas agus Achadh an Iúir, rud a chiallaíonn go mbeidh ar phaisinéirí áirithe Bealach 109X a úsáid ina ionad sin
D’fhéadfadh agaí turais níos faide a bheith ag paisinéirí áirithe, agus d’fhéadfadh agaí turais níos giorra a bheith ag paisinéirí eile
Rachadh an t-amchlár nua i bhfeidhm ar phaisinéirí reatha uile Bhealach 187
Léarscáil 1 - Bealach 187 atá Molta (Ceanannas - Achadh an Iúir)
Chun aighneacht a dhéanamh
Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, cliceáil ar an gcnaipe “+ DÉAN AIGHNEACHT ” ar an leathanach gréasáin seo.
Mar mhalairt air sin, cuir aighneacht isteach i scríbhinn chuig an seoladh thíos:
Comhairliúchán Bealach 187, Pleanáil Seirbhíse Iompair An tÚdarás Náisiúnta Iompair Dún Scéine, Lána Fhearchair, Baile Átha Cliath D02 WR20
Dáta Deiridh
Reáchtálfar comhairliúchán ar an tseirbhís leasaithe seo go ceann 3 seachtaine. Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 4in Dé Luain 15 Aibreán 2024.
Ráiteas Príobháideachais Sonraí
Nuair a dhéantar aighneacht, léiríonn sé seo go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais an ÚNI agus an Ráiteas Príobháideachais Chomhairliúcháin Phoiblí an ÚNI. Má tá níos mó eolais ag teastáil uait, téigh i dteagmháil le [email protected].
Saoráil Faisnéise
Tá an ÚNI faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus, dá réir sin, ní foláir aon iarratas ar eolas a bhreithniú faoin Acht seo. Foilseofar na haighneachtaí a fuarthas do na comhairliúcháin ar líne.
Leasú Bhealach 187
Primary tabs
Leasú Bhealach 187
I gcomhpháirt le Bus Éireann, tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) ag moladh go gcuirfeadh sé feabhas ar Bhealach 187 agus ba mhaith leis do thuairimí a chloisteáil. Tá an feabhsúchán sin ina chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, atá ina mhór-thionscnamh náisiúnta iompair phoiblí arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Transport for Ireland (TFI).
Is é cuspóir an leasaithe seo ná an méid seo a leanas a sholáthar:
Tá sé beartaithe go ndéanfar leasú ar an mbealach i lár 2024.
Togra
Molann an ÚNI Bealach 187 a leasú mar seo a leanas:
Mar thoradh ar na moltaí:
Léarscáil 1 - Bealach 187 atá Molta (Ceanannas - Achadh an Iúir)
Chun aighneacht a dhéanamh
Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, cliceáil ar an gcnaipe “+ DÉAN AIGHNEACHT ” ar an leathanach gréasáin seo.
Mar mhalairt air sin, cuir aighneacht isteach i scríbhinn chuig an seoladh thíos:
Comhairliúchán Bealach 187,
Pleanáil Seirbhíse Iompair
An tÚdarás Náisiúnta Iompair
Dún Scéine,
Lána Fhearchair,
Baile Átha Cliath D02 WR20
Dáta Deiridh
Reáchtálfar comhairliúchán ar an tseirbhís leasaithe seo go ceann 3 seachtaine. Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 4in Dé Luain 15 Aibreán 2024.
Ráiteas Príobháideachais Sonraí
Nuair a dhéantar aighneacht, léiríonn sé seo go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais an ÚNI agus an Ráiteas Príobháideachais Chomhairliúcháin Phoiblí an ÚNI. Má tá níos mó eolais ag teastáil uait, téigh i dteagmháil le [email protected].
Saoráil Faisnéise
Tá an ÚNI faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus, dá réir sin, ní foláir aon iarratas ar eolas a bhreithniú faoin Acht seo. Foilseofar na haighneachtaí a fuarthas do na comhairliúcháin ar líne.
Roinn
Aighneachtaí
Téamaí