Leasú Bhealach 187

Dúnta26 Már, 2024, 10:00am - 15 Aib, 2024, 4:00pm

Primary tabs

Conencting Ireland logo

Leasú Bhealach 187

I gcomhpháirt le Bus Éireann, tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) ag moladh go gcuirfeadh sé feabhas ar Bhealach 187 agus ba mhaith leis do thuairimí a chloisteáil. Tá an feabhsúchán sin ina chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, atá ina mhór-thionscnamh náisiúnta iompair phoiblí arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Transport for Ireland (TFI).

Is é cuspóir an leasaithe seo ná an méid seo a leanas a sholáthar:

  • An tseirbhís iompair phoiblí a fheabhsú chuig an Seanchaisleán, Baile Shéamais Dhuibh, Achadh an Iúir agus Ceanannas agus idir na bailte sin
  • Seirbhís nua a chur ar fáil chuig Crosa Caoil agus chuig limistéir níos lú chontae na Mí agus chontae an Chabháin
  • Líon na n-imeachtaí in aghaidh an lae a mhéadú agus uaireanta oibrithe sheirbhís 187 trí amchlár níos inléite nua.

Tá sé beartaithe go ndéanfar leasú ar an mbealach i lár 2024.

Togra

Molann an ÚNI Bealach 187 a leasú mar seo a leanas:

  • Dhéanfaí Bealach 187 a athrú chun oibriú idir Achadh an Iúir agus Ceanannas trí Chrosa Caoil, tríd an Seanchaisleán agus trí Bhaile Shéamais Dhuibh. Ní dhéanfaí an tseirbhís a oibriú a thuilleadh feadh an N3. Féach léarscáil 1.
  • D’fhreastalódh gach seirbhís ar Cheanannas, ar Chrosa Caoil, ar an Seanchaisleán agus ar Bhaile Shéamais Dhuibh.
  • Dhéanfaí turais áirithe a oibriú idir an Seanchaisleán agus Baile Shéamais Dhuibh trí Dhroichead Uí Dhálaigh, agus dhéanfaí cuid eile a oibriú trí Chaisleán Raithin.
  • Ó Luan go Domhnach, dhéanfaí Bealach 187 6 dturas a oibriú in aghaidh an lae ó Cheanannas go dtí Achadh an Iúir mar aon le 5 thuras in aghaidh an lae ó Achadh an Iúir go dtí Ceanannas.

Mar thoradh ar na moltaí:

  • Ní dhéanfaí Bealach 187 a oibriú a thuilleadh feadh an N3 idir Ceanannas agus Achadh an Iúir, rud a chiallaíonn go mbeidh ar phaisinéirí áirithe Bealach 109X a úsáid ina ionad sin
  • D’fhéadfadh agaí turais níos faide a bheith ag paisinéirí áirithe, agus d’fhéadfadh agaí turais níos giorra a bheith ag paisinéirí eile
  • Rachadh an t-amchlár nua i bhfeidhm ar phaisinéirí reatha uile Bhealach 187

Léarscáil 1 - Bealach 187 atá Molta (Ceanannas - Achadh an Iúir)

Bealach 187 atá Molta idir Ceanannas agus Achadh an Iúir. Dhéanfaí Bealach 187 a athrú chun oibriú idir Achadh an Iúir agus Ceanannas trí Chrosa Caoil, tríd an Seanchaisleán agus trí Bhaile Shéamais Dhuibh. Ní dhéanfaí an tseirbhís a oibriú a thuilleadh feadh an N3.

Chun aighneacht a dhéanamh

Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, cliceáil ar an gcnaipe + DÉAN AIGHNEACHT ” ar an leathanach gréasáin seo.

Mar mhalairt air sin, cuir aighneacht isteach i scríbhinn chuig an seoladh thíos:

Comhairliúchán Bealach 187,
Pleanáil Seirbhíse Iompair
An tÚdarás Náisiúnta Iompair
Dún Scéine,
Lána Fhearchair,
Baile Átha Cliath D02 WR20

Dáta Deiridh 

Reáchtálfar comhairliúchán ar an tseirbhís leasaithe seo go ceann 3 seachtaine. Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 4in Dé Luain 15 Aibreán 2024

Ráiteas Príobháideachais Sonraí 

Nuair a dhéantar aighneacht, léiríonn sé seo go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais an ÚNI agus an Ráiteas Príobháideachais Chomhairliúcháin Phoiblí an ÚNI. Má tá níos mó eolais ag teastáil uait, téigh i dteagmháil le [email protected]

Saoráil Faisnéise

Tá an ÚNI faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus, dá réir sin, ní foláir aon iarratas ar eolas a bhreithniú faoin Acht seo. Foilseofar na haighneachtaí a fuarthas do na comhairliúcháin ar líne. 

 

Téamaí

Bus
Connecting Ireland
Route Amendment
Public Transport
Glac síntiús