Leasú Bhealach 370

Oscailte29 Aib, 2024, 9:00am - 20 Bea, 2024, 4:00pm

Primary tabs

Lógó Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland

Moladh um Leasú Bhealach 370

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) ag beartú chun feabhas a chur ar an leibhéal seirbhíse ar Bhealach 370 (oibrithe ag Bus Éireann) agus ba mhaith leis do thuairimí a chloisteáil. Tá an feabhsúchán sin ina chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, atá ina mhórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Transport for Ireland (TFI).

Mar chuid den phlean sin, rinneadh an líonra bus a athdhearadh go mór i nDeisceart Loch Garman, lena n-áirítear seirbhísí nua agus leasaithe

  • 399 - Rinn Duáin go Ros Mhic Thriúin (seirbhís nua)
  • 392 - Droichead Eoin go Ros Mhic Thriúin (seirbhís nua)
  • 388 - Baile an Droichid go Dún Chormaic (síneadh agus minice mhéadaithe)
  • 390 - Cé na Cille Móire - Loch Garman (minice mhéadaithe)
  • 387 - Ros Láir - Loch Garman (minice mhéadaithe)

 

Rinne ÚNI seirbhís mhionathraithe 370 a athdhearadh d’fhonn cur leis an líonra athbhreithnithe thuas agus chun rochtain níos mó a chur ar fáil ar iompar poiblí i gceantar Dheisceart Loch Garman.

Is é cuspóir an leasaithe seo ná an méid seo a leanas a sholáthar:

  • Seirbhísí agus uaireanta oibrithe a mhéadú feadh na conaire idir Loch Garman agus Port Láirge, bealach Dheisceart Loch Garman;
  • Breis seirbhísí tráthnóna a chur ar fáil le linn na seachtaine;
  • Feabhas a chur ar sheirbhís Sathairn agus seirbhís Domhnaigh a thabhairt isteach nuair a mheasann ÚNI go bhfuil éileamh folaigh ó phaisinéirí ar thaisteal ar bhus;
  • Naisc fheabhsaithe le seirbhísí iarnróid;
  • Naisc fheabhsaithe le seirbhísí bus tuaithe rialta;
  • Naisc fheabhsaithe le seirbhísí réigiúnacha;
  • Méadú ar sheirbhísí bus a fhreastalaíonn ar Ospidéal Ollscoile Phort Láirge agus ar Ospidéal Ginearálta Loch Garman; agus
  • Méadú ar sheirbhísí bus a fheidhmíonn i lonnaíochtaí tuaithe feadh an bhealaigh, lena n-áirítear Ceann Poill, an Ghráinseach, Dún Canann agus Droichead Eoin.

Tá sé beartaithe go ndéanfar an bealach sin a leasú samhradh 2024.

Sonraí an Mholta

Molann an ÚNI Bealach 370 a leasú mar seo a leanas:

Oibreofar seirbhís bhealach 370 sé huaire in aghaidh an lae in aghaidh an treo ó Luan go Domhnach ar an ailíniú Stáisiún Bus Phort Láirge - an Gleann Mór - Ros Mhic Thriúin - Ceann Poill - an Ghráinseach - Dún Canann - Droichead Eoin - Ospidéal Ginearálta Loch Garman - Stáisiún Traenach Loch Garman. Féach léarscáil 1.

Oibreofar na seirbhísí sin ó go luath sa mhaidin go dtí go mall sa tráthnóna agus cuirfear naisc ar aghaidh ar fáil leo le seirbhísí iarnróid, agus le seirbhísí áitiúla agus réigiúnacha bus.

Áireofar síntí le cuid de na seirbhísí sin chuig Eoraphort Ros Láir, Calafort Ros Láir, Cill Ruáin, Teach Gót, Trá Ros Láir, Sráid na Tríonóide Loch Garman, Coláiste Phort Láirge, FSS Phort Láirge, Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) i bPort Láirge agus Ospidéal Ollscoile Phort Láirge. Féach Léarscáil 2 & Léarscáil 3.

Molann an ÚNI chun amchlár 370 a dhearadh chun ligean do mhalartú le seirbhísí Naisc Áitiúil nuair is féidir, go háirithe bealaí 359 (Ros Mhic Thriúin – Inis Córthaidh), 368 (Ros Mhic Thriúin – Inis Córthaidh), 384 (Loch Garman – Inis Córthaidh), 387 (Loch Garman – Ros Láir), 388 (Dún Chormaic – Loch Garman), 392 (Droichead Eoin – Ros Mhic Thriúin) & 399 (Rinn Duáin – Ros Mhic Thriúin) ag pointí malartaithe amhail Ros Mhic Thriúin, Loch Garman, Droichead Eoin, an Ghráinseach & Ceann Poill, chun ligean do thaisteal ar aghaidh chuig Port Láirge nó chuig Loch Garman. Tá deiseanna malartú ann freisin le seirbhís  Bus Éireann 40 (Trá Lí – Eorafort Ros Láir) agus seirbhísí Wexford Bus 340 (Loch Garman – Port Láirge) agus 390 (Loch Garman – Cé na Cille Móire). Féach Léarscáil 4.

Tabhair an méid a leanas do d'aire:

Molann an ÚNI nach bhfreastalóidh seirbhís 370 níos mó ar Bhaile na Buaile agus ar Bhaile an Droichid, ar a bhfreastalaítear uair amháin sa lá in aghaidh an treo faoi láthair. Freastalaítear ar Bhaile na Buaile 5 huaire in aghaidh an lae in aghaidh an treo ó Luan go Domhnach ag bealach Naisc Áitiúil 392 trína ndéantar nasc le Droichead Eoin agus le Ros Mhic Thriúin. Freastalaítear ar Bhaile an Droichid uair amháin sa lá in aghaidh an treo ó Luan go Domhnach ag bealach Naisc Áitiúil 388 trína ndéantar nasc le Droichead Eoin agus le Loch Garman.

Molann an ÚNI an chuid Ros Láir go Loch Garman den bhealach a chur ar fáil dhá uair in aghaidh an lae sa treo ó thuaidh (go luath sa mhaidin agus sa tráthnóna) agus uair amháin sa lá sa treo ó theas (tráthnóna).

Foilseofar an t-amlíne molta roimh leasú na seirbhíse.

Íomhá de Bealach Beartaithe 370

Léarscáil 1 - Bealach Beartaithe 370

Íomhá de Síntí beartaithe chuig Eoraphort Ros Láir, Calafort Ros Láir, Cill Ruáin, Teach Gót, Trá Ros Láir, Sráid na Tríonóide Loch Garman

Léarscáil 2 - Síntí beartaithe chuig Eoraphort Ros Láir, Calafort Ros Láir, Cill Ruáin, Teach Gót, Trá Ros Láir, Sráid na Tríonóide Loch Garman

Íomhá de Síntí beartaithe chuig Coláiste Phort Láirge, FSS Phort Láirge, Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) i bPort Láirge agus Ospidéal Ollscoile Phort Láirge

Léarscáil 3 - Síntí beartaithe chuig Coláiste Phort Láirge, FSS Phort Láirge, Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) i bPort Láirge agus Ospidéal Ollscoile Phort Láirge

Íomhá de Roghanna Malartaithe Dheisceart Loch Garman

Léarscáil 4 - Roghanna Malartaithe Dheisceart Loch Garman

Chun aighneacht a dhéanamh

Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, cliceáil ar an gcnaipe + DÉAN AIGHNEACHTar an leathanach gréasáin seo.

Mar mhalairt air sin, cuir aighneacht isteach i scríbhinn chuig an seoladh thíos:

 

Comhairliúchán Bhealach 370,

Pleanáil Seirbhíse Iompair

An tÚdarás Náisiúnta Iompair

Dún Scéine,

Lána Fhearchair,

Baile Átha Cliath D02 WR20.

Dáta Deiridh

Reáchtálfar comhairliúchán ar an tseirbhís leasaithe seo go ceann 3 seachtaine. Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí a fháil 4in Dé Luain, 20 Bealtaine 2024.

Ráiteas Príobháideachais Sonraí

Nuair a dhéantar aighneacht, léiríonn sé seo go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais an ÚNI agus an Ráiteas Príobháideachais Chomhairliúcháin Phoiblí an ÚNI. Má tá níos mó eolais ag teastáil uait, téigh i dteagmháil le [email protected].

Saoráil Faisnéise

Tá an ÚNI faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus, dá réir sin, ní foláir aon iarratas ar eolas a bhreithniú faoin Acht seo. Foilseofar na haighneachtaí a fuarthas do na comhairliúcháin ar líne.

Téamaí

General comment
Glac síntiús