Leasú Bhealach 343

Oscailte18 Aib, 2024, 10:00am - 9 Bea, 2024, 4:00pm

Primary tabs

Connecting Ireland

Leasú Bhealach 343 ÚNI

I gcomhpháirt le Bus Éireann agus Nasc Áitiúil TFI Luimnigh - an Chláir, tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) ag moladh go gcuirfeadh sé feabhas ar Bhealach 343 agus ba mhaith leis do thuairimí a chloisteáil. Tá an feabhsúchán sin ina chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, atá ina mhór-thionscnamh náisiúnta iompair phoiblí arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Transport for Ireland (TFI).

Is é cuspóir an leasaithe ná an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Feabhas a chur ar an tseirbhís iompair phoiblí idir Luimneach, an tSionainn agus Inis, chomh maith le háiteanna idirmheánacha eile ar nós Droichead Abhann Ó gCearnaigh, Cuinche agus Cill Mhuire.
  • Seirbhísí a chur ar fáil níos minice,iad a bheith níos iontaofa, agus níos éasca a thuiscint agus a úsáid.
  • Feabhas a chur ar rochtain ar Aerfort na Sionainne, le seirbhís nua 24/7 idir an Aerfort, Baile na Sionainne agus Luimneach.

Tá sé beartaithe ag an ÚNI na bealaí agus na seirbhísí athbhreithnithe seo a chur i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana seo. 

Moltaí Sonracha

Tá sé beartaithe ag an ÚNI Bealach 343 reatha a athmhúnlú trína roinnt ina cheithre bhealach ar leith mar seo a leanas:

  • Rachaidh Bealach Nua 343 idir Luimneach agus an tSionainn (Baile, Saorfort & Aerfort na Sionainne) agus beidh sé á chur ar fáil ag Bus Éireann. 
  • Rachaidh Bealach Nua 330 idir Inis agus an tSionainn (Baile, criosanna tionsclaíochta & Aerfort na Sionainne) agus beidh sé á chur ar fáil ag Bus Éireann.
  • Rachaidh Bealach Nua 316 idir Droichead Abhann Ó gCearnaigh agus an tSionainn (Baile, criosanna tionsclaíochta & Aerfort na Sionainne) agus beidh sé á chur ar fáil ag Bus Éireann
  • Rachaidh Bealach Nua 317 idir Ionad Siopadóireachta Jetland (Luimneach) agus Inis trí Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh agus beidh sé á chur ar fáil ag Nasc Áitiúil TFI Luimnigh - An Chláir.

Mar thoradh ar an ngréasán athbhreithnithe beidh bealaí níos minice idir an tSionainn agus Luimneach; conair bus mhinic chomónta shimplí idir Baile na Sionainne, a limistéir tionsclaíochta, agus aerfort na Sionainne; agus níos mó imeachtaí go hInis, Droichead Abhann Ó gCearnaigh, Cill Mhuire, Creatalach agus Cuinche.

Féach Léarscáil 1 thíos a thaispeánann an gréasán molta ina iomláine.

Léarscáil 1

Léarscáil a thaispeánann na ceithre bhealach bus nua atá molta ina n-iomláine. Rachaidh Bealach Nua 343 idir Luimneach agus an tSionainn trí Bhun Raite; Rachaidh Bealach Nua 330 idir Inis agus an tSionainn trí Chora Chaitlín; Rachaidh Bealach Nua 316 idir Droichead Abhann Ó gCearnaigh agus an tSionainn; Rachaidh Bealach Nua 316 idir Inis agus Ionad Siopadóireachta Jetland i Luimneach trí Chuinche, Chill Mhuire, Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh agus trí Chreatalach.

Léiríonn Léarscáil 2, ar bhealach níos mionsonraithe, an chaoi a bhfreastalóidh Bealaí Nua 343, 330 agus 316 ar chosán coiteann trí Bhaile na Sionainne, ag freastal ar cheantair chónaithe, scoileanna, ionaid mhiondíola, criosanna tionsclaíochta agus an Aerfort. 

Léarscáil 2

Léarscáil a thaispeánann na bealaí nua bus atá molta laistigh den tSionainn. Cruthóidh Bealach Nua 316, Bealach Nua 330 agus Bealach Nua 343 cosán coiteann idir Aerfort na Sionainne agus Scoil Náisiúnta Naomh Aodán trí Shaorfort na Sionainne, trí Bhóthar na Rinne (do lár bhaile na Sionainne), trí Bhóthar Thulaigh Uí Bhearga agus trí Bhóthar Luchra. Freastalóidh Bealach Nua 316 agus Bealach Nua 330 freisin ar Eastát Tionsclaíochta Bhaile Átha an Ghabhann, agus freastalóidh Bealach Nua 343 agus Bealach Nua 330 freisin ar Chrosaire Bhaile Uí Chathasaigh.

Cur síos ar na Bealaí Nua

Bealach Nua 343

Rachaidh Bealach Nua 343 Bhus Éireann idir Luimneach agus Aerfort na Sionainne trí Chrosaire Setrights, Bhun Raite, Bhaile na Sionainne agus Shaorphort na Sionainne.

Rachaidh sé 20 nóiméad ag buaicthréimhsí ó Luan go hAoine agus gach 30 nóiméad ag amanna eile i rith an lae agus an lá ar fad ag an deireadh seachtaine. Rachaidh sé 24/7 freisin, agus beidh busanna ag dul gach 60 nóiméad ar feadh na hoíche.

Bealach Nua 330

Rachaidh bealach nua 330 Bhus Éireann idir Inis agus Aerfort na Sionainne trí Dhroichead an Chláir, Chora Chaitlín, Bhaile an Uaiscne, Eastát Tionsclaíochta Bhaile Átha an Ghabhann, Bhaile na Sionainne agus trí Shaorfort na Sionainne.

Rachaidh sé gach 60 nóiméad i rith an lae go laethúil, agus busanna breise ag dul ag buaicthréimhsí ó Luan go hAoine.

Bealach Nua 316

Rachaidh Bealach 316 Nua Bhus Éireann idir Droichead Abhann Ó gCearnaigh agus Aerfort na Sionainne trí Eastát Tionsclaíochta Bhaile Átha an Ghabhann, Bhaile na Sionainne agus trí Shaorfort na Sionainne.

Rachaidh sé gach 2 uair go laethúil, agus busanna breise ag dul ag buaicthréimhsí ó Luan go hAoine.

Bealach Nua 317

Rachaidh Bealach Nua 317 Nasc Áitiúil TFI Luimnigh - an Cháir idir Ionad Jetland i Luimneach agus Inis trí Chreatalach, Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh, Chill Mhuire agus Chuinche.

Rachaidh sé 3 huaire in aghaidh an lae go laethúil.

Impleachtaí

Mar thoradh ar na moltaí:

  • Ní rachaidh Bealach 343 níos faide ná an tSionainn go hInis a thuilleadh. Is iad na roghanna díreacha malartacha idir Luimneach agus Inis ná Seirbhís Iarnróid Éireann Luimnigh - na hInse, Luasbhealach 51 Bhus Éireann nó Bealach 300 Chóiste Bhaile Átha Cliath.
  • Ní athrófar líon na n-imeachtaí ar Bhealach 343X Bhus Éireann, ach déanfar an bealach a athuimhriú mar 330X chun a bheith comhsheasmhach le Bealach Nua 330. Lasmuigh de na hamanna a mbeidh an 330X á chur ar fáil, beidh ar phaisinéirí a thaistealaíonn idir Cora Chaitlín agus Luimneach athrú idir Bealaí Nua 330 agus 343 sa tSionainn ag stadanna Pháirc Aodháin ar Bhóthar Luchra, stadanna a bhfuil fothanacha acu sa dá threo.
  • Beidh ar phaisinéirí a thaistealaíonn ar thurais Bhealach Reatha 343 idir Droichead Abhann Ó gCearnaigh agus Luimneach úsáid a bhaint as seirbhís Iarnróid Éireann Luimnigh - na hInise nó athrú idir Bealaí Nua 316 agus 343 sa tSionainn ag stadanna Pháirc Aodháin ar Bhóthar Luchra, nó Bealaí Nua 317 agus 343 ag Ionad Jetland i Luimneach.
  • Tarraingeofar siar turais scoile Bhealach Reatha 343 idir Inis agus Crosaire na Mumhan trí Chuinche, Chill Mhuire agus Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh agus cuirfear Bealach Nua 317 ina n-ionad, a chuirfear ar fáil ag amanna comhchosúla.
  • Déanfar Bealach 346 Bhus Éireann, a chuirtear ar fáil ar an Déardaoin agus ar an Satharn amháin, a tharraingt siar.
    • Beidh ar phaisinéirí idir Tulach, Áth Leathan agus Luimneach úsáid a bhaint as Bealach Nua 318 Nasc Áitiúil TFI Luimnigh - an Chláir ina ionad sin, a théann go laethúil agus a chuireann níos mó imeachtaí ar fáil.
    • Beidh ar phaisinéirí idir Gheata Bán, an Scairbh agus an Tulach úsáid a bhaint as Bealach 344 Nasc Áitiúil TFI Luimnigh - an Chláir ina ionad sin, a théann go laethúil agus a chuireann níos mó imeachtaí ar fáil.
    • Beidh ar phaisinéirí idir an Tulach, Cill Mhuire, Droichead Abhann Ó gCearnaigh agus Luimneach úsáid a bhaint as Bealach Nua 317 ina ionad sin, a rachaidh go laethúil agus a chuirfidh níos mó imeachtaí ar fáil.
Chun aighneacht a dhéanamh

Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, cliceáil ar an gcnaipe “+ DÉAN AIGHNEACHT ” ar an leathanach gréasáin seo.

Mar mhalairt air sin, cuir aighneacht isteach i scríbhinn chuig an seoladh thíos:

Comhairliúchán Bealach 343,
Pleanáil Seirbhíse Iompair
An tÚdarás Náisiúnta Iompair
Dún Scéine,
Lána Fhearchair,
Baile Átha Cliath D02 WR20

Dáta Deiridh 

Reáchtálfar comhairliúchán ar an tseirbhís leasaithe seo go ceann 3 seachtaine. Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 4in Dé Déardaoin 9 Bealtaine 2024

Ráiteas Príobháideachais Sonraí 

Nuair a dhéantar aighneacht, léiríonn sé seo go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais an ÚNI agus an Ráiteas Príobháideachais Chomhairliúcháin Phoiblí an ÚNI. Má tá níos mó eolais ag teastáil uait, téigh i dteagmháil le [email protected]

Saoráil Faisnéise

Tá an ÚNI faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus, dá réir sin, ní foláir aon iarratas ar eolas a bhreithniú faoin Acht seo. Foilseofar na haighneachtaí a fuarthas do na comhairliúcháin ar líne. 

Téamaí

New Route 343 (Shannon to Limerick)
New Route 330 (Shannon to Ennis)
New Route 316 (Shannon to Sixmilebridge)
New Route 317 (Jetland Centre to Ennis)
Route 346
Any other comments
Glac síntiús