Leasú Bealach 243

Dúnta30 D.F., 2023, 12:00pm - 27 Sam, 2023, 4:00pm

Primary tabs

Conencting Ireland logo

Leasú Bealach 243

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) ag moladh go mba cheart feabhas a chur ar an leibhéal seirbhíse ar Bhealach 243 (oibrithe ag Bus Éireann) agus ba dheas leis do thuairimí a chloisteáil. Tá anfeabhsú sin ina chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, mór-thionscnamh iompair phoiblí náisiúnta arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Transport for Ireland (TFI).

Is é cuspóir an leasaithe seo ná an méid seo a leanas a sholáthar:

  • Leibhéal seirbhíse agus na huaireanta feidhmithe a fheabhsú go mór feadh na conaire idir Áth Trasna agus Cathair Chorcaí;
  • Breis seirbhísí tráthnóna a chur ar fáil le linn na seachtaine;
  • Feabhas a chur le seirbhís an deireadh seachtaine, am a cheapann an ÚNI go bhfuil éileamh paisinéirí folaithe ar thaisteal bus;
  • Naisc fheabhsaithe leis an tseirbhís iarnróid i Mala; agus
  • Méadú mór ar líon na seirbhísí bus a fheidhmíonn i lonnaíochtaí beaga tuatha feadh na slí, lena n-áirítear Greanach, Na Boinn agus Drom Átháin.

Tá sé beartaithe go dtiocfaidh leasú ar an mbealach go luath sa bhliain 2024.

Sonraí an Mholta 

Molann an ÚNI an Bealach 243 a leasú mar seo a leanas:

  • Feidhmeoidh Seirbhís Bhealach 243 ar ailíniú Átha Trasna — Ceann Toirc — Mala — Drom Átháin — Na Boinn — Greanach — An Slogaire — Cathair Chorcaí. D’fheidhmeodh sé seo ceithre huaire in aghaidh an lae ón Luan go dtí an Domhnach. Feach léarscáil 1.
  • Feidhmeofar breis seirbhísí friothálacha ar ailíniú Átha Trasna — Ceann Toirc — Mala, ag soláthar 5 sheirbhís bhreise in aghaidh an lae i ngach treo Luan go Domhnach ar an gconair idir Áth Trasna agus Mala. Féach Léarscáil 2.
  • San iomlán, beidh 9 seirbhís in aghaidh an lae i ngach treo idir Áth Trasna agus Mala. Feidhmeoidh na seirbhísí seo go luath ar maidin go dtí go déanach san oíche agus soláthróidh siad naisc go dtí seirbhísí iarnróid, busanna áitiúil agus busanna réigiúnacha i Mala.
  • Coimeádfar an bhuaicsheirbhís ar ailíniú An Rátha — Bealach Átha — Cill na Mallach — Tigh Nua an Dá Phota — Mala — An Ráth Dhubh — Corcaigh agus tabharfar uimhir bhealaigh nua dó (519). Féach léarscáil 3.

Déan nóta den mhéid seo a leanas:

  • I ndiaidh an leasaithe seo, ní fhreastalódh Bealach 243 ar Dhún ar Aill. Freastalóidh paisinéirí le Nasc Áitiúil TFI 523, a sholáthraíonn nasc iompair phoiblí rialta idir Dún ar Aill agus Mala/Baile an Mhistéalaigh.
  • Ar an Satharn, ní bheidh an Bealach 243 ag feidhmiú trí Chill Cháiscín, Bántír, Droichead Bhaile an Lombardaigh, An Gleanntán, Baile Chaisleáin an Róistigh, Cill an Mhuilinn, Cnoc an Bhuidéil agus An Teampall Geal.
  • Tá an tÚdarás ag déanamh athbhreithnithe faoi láthair chun seirbhís réigiúnach nua a chur ar fáil idir Mala agus Dún Garbháin, trí Bhaile an Chaisleáin an Róistigh agus Cill an Mhuilinn.
  • Tá seirbhísí iarnróid ag Bántír cheana féin a sholáthraíonn naisc réasúnta rialta go dtí Mala agus Cill Aire.
  • Freastalaíonn seirbhís Bhealach Bhus Éireann 248 ar An Teampall Geal faoi láthair. Déanfar uasghrádú ar an tseirbhís seo faoi thionscadal athdheartha ghréasán Chorcaí.
  • Foilseofar an t-amlíne molta roimh leasú na seirbhíse.

Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, cliceáil ar an gcnaipe + DÉAN AIGHNEACHT ” ar an leathanach gréasáin seo.

Mar mhalairt air sin, cuir aighneacht isteach i scríbhinn chuig an seoladh thíos:

Comhairliúchán Bealach 243,
Pleanáil Seirbhíse Iompair
An tÚdarás Náisiúnta Iompair
Dún Scéine,
Lána Fhearchair,
Baile Átha Cliath D02 WR20

Dáta Deiridh 

Reáchtálfar comhairliúchán ar an tseirbhís leasaithe seo go ceann 4 seachtaine. Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 4in Dé Luain an 27ú Samhain 2023

Ráiteas Príobháideachais Sonraí 

Nuair a dhéantar aighneacht, léiríonn sé seo go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais an ÚNI agus an Ráiteas Príobháideachais Chomhairliúcháin Phoiblí an ÚNI. Má tá níos mó eolais ag teastáil uait, téigh i dteagmháil le [email protected]

Saoráil Faisnéise

Tá an ÚNI faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus, dá réir sin, ní foláir aon iarratas ar eolas a bhreithniú faoin Acht seo. Foilseofar na haighneachtaí a fuarthas do na comhairliúcháin ar líne. 

 

Léarscáil 1 - Bealach Molta 243 (Áth Trasna - Corcaigh)

Map 1 - Proposed Route 243 (Newmarket - Cork)

Bealach 2 — Bealach Molta 243 Seirbhís Fhriothálach - Áth Trasna - Mala

Map 2 – Proposed Route 243 Feeder Service – Newmarket - Mallow

Léarscáil 3 - Buaicsheirbhís 519 (An Ráth – Cathair Chorcaí)

Map 3 – 519 peak service (Charleville – Cork City)

Téamaí

Bus
Connecting Ireland
Route Amendment
Public Transport
Glac síntiús