Bealach 233 a Athbhreithniú

Oscailte23 Aib, 2024, 10:00am - 13 Bea, 2024, 5:00pm

Primary tabs

Éire a Nascadh

Bealach 233 a Athbhreithniú –Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag iarraidh do chuid tuairimí!

Tá sé beartaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), i gcomhpháirtíocht le Bus Éireann agus Nasc Áitiúil TFI Corcaigh, an leibhéal seirbhíse ar Bhealach 233 i gContae Chorcaí a athstruchtúrú agus a fheabhsú agus ba mhaith leis do thuairimí faoinár moltaí coincheapa a chloisteáil. Tá an feabhsúchán sin ina chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, atá ina mhórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Transport for Ireland (TFI).

Is é cuspóir an leasaithe seo ná an méid seo a leanas a sholáthar:

  • Seirbhís shothuigthe bus 3 shraith a bheidh léirithe go soiléir idir Maigh Chromtha agus Cathair Chorcaí, a fhreastalóidh freisin ar lonnaíochtaí idirmheánacha feadh 3 chosán chomhleanúnacha ar leith.
  • Seirbhís 7 lá in aghaidh na seachtaine ar Bhealach 256 nua idir Maigh Chromtha agus Beanntraí, a fhreastalóidh ar Dhroichead na Toinne, ar Inse Geimhleach, ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh, ar an gCeapach Bhuí, ar an gCaolchoill agus ar Bhéal Átha Leice.
  • Feabhas suntasach ar na leibhéil seirbhíse agus uaireanta oibríochta seirbhíse feadh chonair Mhaigh Chromtha - Bhaile an Chollaigh - Chathair Chorcaí, lena n-áirítear tráthnónta lár na seachtaine agus ar feadh an deireadh seachtaine.
  • Nascacht fheabhsaithe le seirbhísí réigiúnacha agus áitiúla ag Stáisiúin Bus Chorcaí agus Mhaigh Chromtha.
  • Clúdach níos fearr de bhus do bhaile Mhaigh Chromtha atá ag forbairt go tapa.

Tá sé beartaithe againn ár gcuid moltaí a chur chun feidhme le linn R4 2024 ach braithfidh sin ar na hacmhainní breise riachtanacha a bheith ar fáil.

Moltaí

Go sonrach, beidh 3 shraith seirbhíse ar chonair Chorcaí – Mhaigh Chromtha, a bheidh atheagraithe ina malairtí thuaidh (N), láir (C), agus theas (S), agus Bealach nua 256 Maigh Chromtha – Inse Geimhleach – Béal Átha an Ghaorthaidh – na Caolchoille – Bheanntraí, agus ar ais.

  • Oibreoidh Bealach 233N ar ailíniú Mhaigh Chromtha – Áth an Chóiste – na Druipsí – Bhaile an Chollaigh – Chathair Chorcaí. Imeoidh sé óna ailíniú reatha ar Bhóthar na Laoi chun freastal ar Bhaile an Chollaigh ina ionad sin, agus rachaidh sé ar aghaidh go Cathair Chorcaí trí Bhóthar Charraig Ruacháin.
  • Oibreoidh Bealach 233C ar ailíniú Mhaigh Chromtha – an Bhaile Gallda – an Fhearainn – na bhFearnán – na nUamhanna (EMC) – Bhaile an Chollaigh. Cuirfidh sé sin le seirbhísí ar sheirbhísí uirbeacha Bhealach 220 ag Baile an Chollaigh.
  • Oibreoidh Bealach 233S ar ailíniú Mhaigh Chromtha – Chill Mhuire – an Bhaile Gallda – na hEatharla – Chill na hOmnaí – Bhaile an Chollaigh – Chathair Chorcaí.
  • Bealach 256 – Maigh Chromtha – Inse Geimhleach – Béal Átha an Ghaorthaidh – An Chaolchoill – Beanntraí, agus ar ais.

Tríd is tríd, is é ár gcuspóir seirbhísí úsáideacha agus níos éifeachtaí a bheidh léirithe go soiléir agus a bheidh níos sothuigthe a sholáthar sa mhórchonair bhruachbhailteach seo a dhírítear ar Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí mar an tarraingt is mó agus tabhairt ar níos mó daoine iompar poiblí a úsáid níos minice.

Chomh maith leis sin, mar chuid de sin, tá sé beartaithe feabhas a chur ar an tairiscint seirbhíse do bhruachbhailte thiar Mhaigh Chromtha tríd an 233 a leathnú go ceantair amhail Lios na Feá agus An Ghoirtín Rua.

Bunaithe ar aiseolas ón bpobal, agus ar anailís bhreise ar na sonraí atá ar fáil, déanfar moltaí a athscrúdú chun an tseirbhís a sholáthraítear feadh na conaire seo a fheabhsú.

Fíor 1: Léarscáil líonra fhoriomlán de na bealaí atá beartaithe idir Corcaigh agus Maigh Chromtha agus Maigh Chromtha agus Beanntraí

Fíor 1: Léarscáil líonra iomlán de na bealaí atá beartaithe idir Corcaigh agus Maigh Chromtha trí Chill Mhuire, Eatharlach, Dripsey, Fearnáin, Cill Chuimín agus Baile an Chollaigh agus idir Maigh Chromtha, Inse Geimhleach, Baile an Gharraí, Caolchoill agus Beanntraí

Fíor 2: Léarscáil líonra de na bealaí atá beartaithe i Maigh Chromtha

Léarscáil líonra de na bealaí molta i Maigh Chromtha i dtreo Bheanntraí, Corcaigh agus Baile an Chollaigh

Chun aighneacht a dhéanamh

Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, cliceáil ar an gcnaipe + DÉAN AIGHNEACHT ” ar an leathanach gréasáin seo.

Mar mhalairt air sin, cuir aighneacht isteach i scríbhinn chuig an seoladh thíos:

Comhairliúchán Bealach 233,
Pleanáil Seirbhíse Iompair
An tÚdarás Náisiúnta Iompair
Dún Scéine,
Lána Fhearchair,
Baile Átha Cliath D02 WR20

Dáta Deiridh 

Cuirimid fáilte roimh gach aiseolas agus barúlacha ar feadh tréimhse 3 seachtaine – is é 13/05/2024 17:00 an dáta deiridh.

Ráiteas Príobháideachais Sonraí 

Nuair a dhéantar aighneacht, léiríonn sé seo go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais an ÚNI agus an Ráiteas Príobháideachais Chomhairliúcháin Phoiblí an ÚNI. Má tá níos mó eolais ag teastáil uait, téigh i dteagmháil le [email protected]

Saoráil Faisnéise

Tá an ÚNI faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus, dá réir sin, ní foláir aon iarratas ar eolas a bhreithniú faoin Acht seo. Foilseofar na haighneachtaí a fuarthas do na comhairliúcháin ar líne. 

 

Téamaí

233N
233S
233C
256
Aon tuairimí eile
Glac síntiús