BusConnects Luimneach
BusConnects Luimneach
Bíodh do chead caint agat
Is é BusConnects Luimneach plean an Údaráis Náisiúnta Iompair (NTA) chun feabhas a chur ar sheirbhísí bus agus iompair inbhuanaithe ar fud cheantar Chathair Luimnigh.
Táimid ag tosú le feabhas mór a chur ar an líonra bus agus ar na seirbhísí. Tá Líonra Bus Nua dréachtaithe ag an NTA do Luimneach le haghaidh comhairliúcháin phoiblí. Cuirfidh an Dréacht-Líonra Nua go mór le taisteal bus le seirbhísí nua agus feabhsaithe ag athrú an líonra iompair phoiblí. Ba mhaith linn d'aiseolas a chloisteáil ar na moltaí seo.
I measc na mbuntáistí a bhaineann le Dréacht-Líonra Bus Nua BusConnects Luimnigh tá:
• Méadú suas le 70% ar sheirbhísí bus do cheantar Chathair Luimnigh
• Amanna feithimh níos giorra agus bealaí níos dírí
• Seirbhísí breise ag an deireadh seachtaine
• Bealach bus nua 24 uair an chloig
• Seirbhísí do cheantair nua
Faigh tuilleadh eolais agus bíodh do chead cainte agat ag https://publicproject.net/bus-network-limerick