BusConnects Gaillimh

Dúnta24 Aib, 2023, 2:29pm - 2 Mei, 2023, 11:59pm

BusConnects Gaillimh Dréacht-Ghréasán Bus Nua

Méadú 50% ar sheirbhísí bus i nGaillimh faoin líonra nua bus atá molta

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) a dhréachtlíonra bus nua do Ghaillimh. Tá athdhearadh an líonra bus ar cheann de na naoi bpríomhghné de chuid BusConnects na Gaillimhe a bhfuil sé mar aidhm aige córas bus na cathrach a bhunathrú go bunúsach, rud a fhágann go mbeidh iompar poiblí níos úsáidí do níos mó daoine. Comhairliúchán poiblí ar an dréachtlíonra bus nua ar siúl go dtí Dé hAoine, 3 Meitheamh 2023.

Faoi na moltaí laistigh de thuarascáil athdhearadh líonra bus na Gaillimhe, méadóidh leibhéal na seirbhísí bus i gCathair na Gaillimhe, i mBearna agus in Órán Mór thart ar 50%.

Cumasófar na leibhéil seirbhíse bhreise seirbhísí bus a leathnú go ceantair nua, níos mó bealaí le seirbhísí rialta, clár ama feabhsaithe don deireadh seachtaine agus bealach nua 24 uair an chloig. 

Bheadh an tseirbhís bus 24 uair an chloig, ar a dtabharfar Bealach 9, ag feidhmiú ó Chnoc na Cathrach trí lár na cathrach go Dabhach Uisce agus an Pháirc Mhór. D’oibreodh trí bhealach molta gach 15 nóiméad nó níos fearr. Ina theannta sin, rithfeadh roinnt bealaí níos faide ar maidin agus san oíche.

Mar thoradh ar na moltaí freisin beidh rochtain ag níos mó cónaitheoirí sa chathair agus a bruachbhailte ar an líonra iompair phoiblí le Bóthar Bhaile an Mhóinín Uachtarach, Bóthar an Chósta idir Cathair na Gaillimhe agus Órán Mór agus Cnoc Óráin i measc na gceantar a rachaidh chun tairbhe. Bheadh níos mó daoine lonnaithe laistigh de 400 méadar siúil ó stad bus, méadú 67% ón 62% faoi láthair. 

Mairfidh comhairliúchán ar an dréachtlíonra nua ar feadh 6 seachtaine. Beidh imeachtaí faisnéise poiblí ar siúl ó Dé Máirt, 16ú – Déardaoin, 18ú Bealtaine (san áireamh) agus ligfidh próiseas comhairliúcháin ar líne do bhaill an phobail a n-aiseolas a sholáthar ar na moltaí. Tabharfar an t-athdhearadh chun críche sna míonna amach romhainn agus cuirfear an líonra nua i bhfeidhm ó 2025 ar aghaidh.

Chun páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin, tabhair cuairt ar: https://publicproject.net/bus-network-galway-gaelige

www.busconnects.ie/galway