Ráiteas Nua Straitéise don Údarás Náisiúnta Iompair 2026-2030: Comhairliúchán Poiblí

Dúnta22 D.F, 2025, 12:00 - 14 Sam, 2025, 17:00

Illustration of active travel

Cuirimid fáilte roimh do dhearcthaí

 Comhairliúchán Poiblí Ar Líne maidir le forbairt
Ráitis Straitéise nua don Údarás Náisiúnta Iompair

Fáiltíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair roimh aighneachtaí i scríbhinn maidir le forbairt a Ráitis Straitéise nua don tréimhse 2026 go 2030.

Táimid ar bís a fhógairt go bhfuil an tÚdaras Náisiúnta Iompair (ÚNI) i mbun a Ráitis Straitéise nua a fhorbairt don tréimhse 2026 go 2030. Treoróidh an straitéis seo ár n-iarrachtaí bonneagar agus seirbhisí iompair phoiblí a chur chun cinn, sna cúig bliana atá amach romhainn agus sa todhchaí.

Chuir ár Ráiteas Straitéise roimhe seo (2023 - 2025) béim ar ár ndílseacht tírdhreach an iompair inbhuanaithe in Éirinn a chlaochlú. Dhíríomar ar iompar poiblí a dhéanamh níos ioncuimsithí agus inrochtana, ag cinntiú go dtagann sé le riachtanais ár n-úsáideoirí go léir, lena n-áirítear daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas. Thiomnaíomar gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn trí dhíriú ar astaíochtaí a laghdú agus modhanna iompair inbhuanaithe a chur chun tosaigh. An sprioc a bhí againn ná seirbhisí iompair a ailíniú go straitéiseach le pleanáil úsáide talún maidir le cabhrú le forbairt réigiúnach chomhtháite a chumasú. Rinneadh feabhsuithe cumasacha ar bhonneagar iompair phoiblí trí chlár mór infheistíochta caipitiúla. Ar deireadh, bhí sé mar sprioc againn cultúr ar ardchaighdeán a choinneáil ar bun san Údarás agus caidreamh láidir a choinneáil le gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear an pobal, oibritheoirí iompair agus an rialtas.

Le linn na tréimhse seo, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an ÚNI na spriocanna straitéiseacha a leagamar amach a bhaint amach. D’éirigh linn tionscnaimh a chur i bhfeidhm a fheabhsaigh inrochtaineacht iompair phoiblí, a laghdaigh astaíochtaí carbóin in aghaidh an chiliméadair den tseirbhís a oibrítear, agus a chuir feabhas ar an eispéireas taistil do chomaitéirí ar an iomlán. Leanann ár ndílseacht do thaisteal gníomhach, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht le hearnáil iompair na hÉireann a chloachlú, agus tá áthas orainn leis an dul chun cinn atá déanta againn i gcomhar lenár bpáirtithe leasmhara.

De réir mar a dhéanaimid machnamh ar an todhchaí, ciallaíonn riachtanais forbartha an phobail go bhfuil sé de dhíth orainn ár dtosaíochtaí straitéiseacha a athailíniú go leanúnach le riachtanais ár bpobal agus ár bpáirtithe leasmhara. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go bhfaighimid do léargas agus tuairimí maidir leis na réimsí gur chóir don ÚNI a chur chun tosaigh sna cúig bliana atá romhainn. Tugaimid cuireadh duit do thuairimí a roinnt maidir leis an bhfócas atá beartaithe don straitéis nua agus d’ionchais don earnáil iompair phoiblí. Tá d’aiseolas tábhachtach toisc go gcuirfidh sé bonn eolais ar fáil d’fhorbairt an Ráitis Straitéise nua a thiocfaidh roimh Bhord an Údaráis lena ghlacadh níos déanaí i mbliana.

Glac roinnt ama an ceistneoir gairid thíos a chomhlánú le do thoil, ag tabhairt d’aiseolais macánta.

Treoirlínte Taiscthe

Mar chabhair leis na taiscthí, tá dréacht tosaigh oibre de Mhisean, Spriocanna agus Cuspóirí Straitéiseacha beartaithe an ÚNI leagtha amach in Aguisín 1. Fáiltímid go mór roimh aiseolas agus leasuithe molta.

Anuas ar sin, tá líon beag ceisteanna suirbhé leagtha amach thíos agus táthar buíoch as do dhearcthaí, lenar áiríodh do thuairimí maidir le comhlíonadh an Údaráis i leith soláthar a phríomhfheidhmeanna.

Tabhair faoi deara:

  •  Beidh an comhairliúchán seo ar oscailt go dtí 5pm Dé hAoine, an 14 Samhain 2025.
  • Déan teagmháil linn le do thoil ag [email protected] má tá formáidí comhroghnacha de na doiciméid thuas uait nó más mian leat bealaí comhroghnacha do thaisceadh a chur isteach a fhiosrú.
Tá an dáta dúnta thart agus ní ghlactar le haighneachtaí a thuilleadh.