Leasú ar Bhealaí 350 & 333

Oscailte9 Ean, 2025, 10:00 - 13 Fea, 2025, 16:00

Primary tabs

Connecting Ireland

Leasú ar Bhealaí 350 & 333 ÚNI

Nuashonrú 02/02/2025: Tá síneadh ama curtha le tréimhse oscailte an chomhairliúcháin go 4 i.n. Déardaoin 13 Feabhra 2025.

Tá sé beartaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) feabhas a chur ar Bhealaí 350 agus 333 agus ba mhaith linn bhur dtuairimí faoinár gcuid pleananna a chloisteáil. Tá an feabhsú seo mar chuid den Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh, ar mórthionscnamh náisiúnta iompair poiblí é a d’fhorbair agus a mhaoinigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Ghréasán Transport for Ireland (TFI).

Is é is aidhm don leasú sin ná:

  • Minicíocht Bhealach 350 a mhéadú go gach 90-120 nóiméad, agus seirbhísí tráthnóna nua a chur leis.
  • Feabhas a chur ar amanna taistil do phaisinéirí i nDeisceart, in Iarthar agus i dTuaisceart an Chláir trí Bhealaí 350 agus 333 a dhéanamh níos dírí.
  • Bealach Nua 338 a thabhairt isteach idir Inis agus Inis Díomáin trí Chora Finne, Cill Fhionnúrach agus Lios Dúin Bhearna chun an rochtain ar Bhoirinn a leathnú agus chun amanna taistil idir Lios Dúin Bhearna agus Inis a laghdú.

Tá sé beartaithe ag ÚNI na bealaí agus na seirbhísí feabhsaithe sin a chur i bhfeidhm i lár 2025.

Tograí Bealaí

Tá sé beartaithe ag ÚNI an chonair atá ann faoi láthair idir an Ghaillimh, Lios Dúin Bhearna agus Inis a atheagrú trí na hathruithe seo a leanas a dhéanamh ar na bealaí:

  • Déanfar buan an mhalairt slí atá ann faoi láthair ar Bhealach 350 idir Lios Dúin Bhearna agus Baile Uí Bheacháin feadh N67 in ionad R477 trí Fhánóir, mar aon le hathruithe ar na stadanna ag Meáraí, an Cnoc Garbh, an Chéibh Nua agus Cé Dhúlainn.
  • Beidh Bealach 350C ina bhealach buan agus tiocfaidh sé in ionad Bhealach 350 feadh R477 trí Fhánóir. Déanfar an bealach a shíneadh freisin chuig Cinn Mhara trí Bhaile Uí Bheacháin, an Chéibh Nua agus an Cnoc Garbh.
  • Cuirfear Bealach 333 ar mhalairt slí agus rachaidh sé idir Inis Díomáin agus Inis trí Eidhneach seachas trí Chill Fhionnúrach agus Cora Finne.
  • Rachaidh Bealach 338 nua idir Inis agus Inis Díomáin trí Lios Dúin Bhearna, Cora Finne agus Cill Fhionnúrach, ag teacht in ionad sheirbhís Bhealach 333 chuig Cora Finne agus Cill Fhionnúrach.

Féach an léarscáil thíos ina dtaispeántar an gréasán atá beartaithe.

Léarscáil d’Iarthar an Chláir agus Deisceart na Gaillimhe ina dtaispeántar na bealaí atá beartaithe le haghaidh Bhealaí 350, 350C, 338 agus 333

 

Tuairiscí Sonracha ar na Bealaí

Bealach 350

Beartaímid minicíocht Bhealach 350 a mhéadú go gach 90-120 nóiméad i rith an lae, le seirbhísí tráthnóna nua le naisc níos fearr le seirbhísí traenach i nGaillimh agus in Inis.

Tá Bealach 350 ar mhalairt slí faoi láthair idir Baile Uí Bheacháin agus Lios Dúin Bhearna trí Bhóthar Náisiúnta N67 toisc gur dúnadh bóthar R477 ag Lisnanard, gar do Bhaile Uí Bheacháin, mar gheall ar oibreacha bóthair Uisce Éireann. Tá seirbhís tointeála Bhealach 350C i bhfeidhm faoi láthair idir Lisnanard (le haghaidh Bhaile Uí Bheacháin) agus Lios Dúin Bhearna le stad ag Fánóir agus stadanna eile feadh R477 chun teacht in ionad Bhealach 350 feadh na coda sin.

Beartaímid Bealach 350 a choinneáil feadh N67, toisc go bhfuil an bealach sin níos tapa agus mar gheall ar an líon íseal paisinéirí feadh R477. Beartaímid freisin na hathruithe seo a leanas a dhéanamh ar roinnt stadanna ar Bhealach 350 ina mbíonn stad amháin in aghaidh an lae:

  • Meáraí – bainte ó Bhealach 350 agus seirbhís Iompair atá ag Freagairt don Éileamh Local Link (Nasc Áitiúil) TFI curtha ina ionad.
  • An Cnoc Garbh – bainte ó Bhealach 350 agus síneadh ar Bhealach 350C curtha ina ionad.
  • An Chéibh Nua – bainte ó Bhealach 350 agus síneadh ar Bhealach 350C curtha ina ionad.
  • Cé Dhúlainn – bainte ó Bhealach 350 gan seirbhís curtha ina ionad (mar gheall ar dheacrachtaí le rochtain a fháil ar an stad, go háirithe i rith an tsamhraidh). Stopfaidh Bealach 350 fós ag stadanna Óstán Dhúlainn in aice láimhe.

Go bunúsach, de bharr a bhfuil beartaithe againn, beidh Bealach 350 ag imeacht níos minice agus ag tabhairt turas níos tapa don chuid is mó de phaisinéirí.

Bealach 350C

Is seirbhís tointeála é Bealach 350C atá i bhfeidhm faoi láthair idir Lisnanard (le haghaidh Bhaile Uí Bheacháin) agus Lios Dúin Bhearna a stopann ag Fánóir agus ag stadanna eile chun teacht in ionad Bhealach 350 feadh R477 fad is atá oibreacha bóthair ar siúl.

Beartaímid leanúint de Bhealach 350C tar éis dheireadh an dúnta bóthair agus é a shíneadh chuig/ó Chinn Mhara trí Bhaile Uí Bheacháin agus an Chéibh Nua, agus cuid de na turais ag stopadh ag an gCnoc Garbh freisin. Beartaímid Bealach 350C a rith ceithre uair sa lá sa dá threo agus naisc a chur ar fáil le Bealach 350C ag amanna tábhachtacha sa lá.

Bealach 333

Beartaímid Bealach 333 a atreorú amach ó Chill Fhionnúrach agus Cora Finne agus Bealach 350 a leanúint ina ionad trí oibriú idir Inis Díomáin agus Inis trí Eidhneach. Beartaímid go mbeidh an líon céanna turas sa lá sa dá threo ó Luan go Satharn, agus go mbeidh seirbhís fheabhsaithe ann ar an Domhnach.

Leis sin, laghdófar fad an turais agus tabharfar bealach níos dírí isteach idir Inis agus iardheisceart Chontae an Chláir.

Bealach Nua 338

Beartaímid Bealach Nua 338 a thabhairt isteach idir Inis Díomáin agus Inis trí Lios Dúin Bhearna, Cill Fhionnúrach agus Cora Finne, a thiocfaidh in ionad Bhealach 333 trí Chill Fhionnúrach agus Cora Finne.

Tá sé beartaithe go n-oibreofar sé thuras sa lá sa dá threo le Bealach Nua 338. Cuirfear feabhas ar naisc chuig Boirinn leis, mar aon le líon na dturas díreach sa lá a mhéadú idir Lios Dúin Bhearna agus Inis.


Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná 4 i.n. an 13ú Feabhra 2025.

Chun aighneacht a chur isteach ar líne, cliceáil ar an gcnaipe “+ DÉAN AIGHNEACHT” ar an leathanach gréasáin seo.

De rogha air sin, is féidir aighneacht a scríobh chuig an seoladh thíos:

Comhairliúchán ar Bhealach 350,

An tSeirbhís Pleanála Iompair,

An tÚdarás Náisiúnta Iompair,

Teach Mhargadh an Fhéir, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7, D07 CF98

Dáta Deiridh

Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná 4 i.n. an 13ú Feabhra 2025.

Ráiteas Príobháideachais Sonraí

Má dhéanann tú aighneacht, léiríonn sé go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais ÚNI agus le Ráiteas Príobháideachais ÚNI maidir le Comhairliúchán Poiblí. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le [email protected].

Saoráil Faisnéise

Tá ÚNI faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus, mar sin, caithfear breathnú ar gach iarraidh ar eolas atá curtha faoin Acht sin. Foilseofar aighneachtaí a gheofar chuig na comhairliúcháin ar líne.

Ceisteanna

Bealach 350 | Route 350
Bealach 333 | Route 333
Bealach 350C | Route 350C
Bealach Nua 338 | New Route 338
Aon tuairimí eile | Any other comments
Glac síntiús