Seirbhíse Bus Leitir Ceanainn

Dúnta17 Iúil, 2024, 12:00 - 14 Lún, 2024, 16:00

Primary tabs

Comhairliúchán Poiblí maidir le Seirbhís Bus Leitir Ceanainn

Tá sé beartaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) seirbhís bus uirbeach a chur ar fáil i Leitir Ceanainn chun feidhmiú laistigh den bhaile suas le 17 uair a chloig in aghaidh an lae, 7 lá sa tseachtain.

Tá sé beartaithe againn dhá bhealach nua a thabhairt isteach lena gceanglófar gach ceithre choirnéal an bhaile le lár an bhaile agus príomháiteanna ar an mbealach. Beidh bus ann gach leathuair sa dá threo, ar an dá bhealach, ag tosú go moch ar maidin agus ag dul ar aghaidh go déanach san oíche.

Mairfidh turas go lár an bhaile thart ar 15 nóiméad agus beidh os cionn 80% de phobal an bhaile faoi fad siúil de stad, agus os cionn 60% laistigh de níos lú ná 400 méadar.  Beidh na bealaí ag forluí ar a chéile ar stráice comhroinnte idir an ospidéal, ATU, an stáisiún bus, lár an bhaile agus Skittle Alley, lena gcuirfear minicíocht dúbailte seirbhíse ar fáil feadh na conaire seo a mbíonn éileamh níos airde uirthi agus an deis ag daoine aistriú idir an dá bhealach.

Beidh na seirbhísí á bhfeidhmiú ag busanna glana, d’urlár íseal, lán-inrochtana, ardtoillte, aon urláir. Beidh táille chomhréidh chaighdeánach de €2 i bhfeidhm do dhaoine fásta a íocann le hairgead tirim nó táille €1.50 i bhfeidhm nuair a úsáideann siad cárta Leap TFI (Transport for Ireland). Íocfaidh gach paisinéir faoi 26 bliana d’aois agus páistí leathphraghas agus tabharfar onóir do phasanna saorthaistil ar an tseirbhís nua.

Cuirfear stadanna bus nua atá go hiomlán inrochtana ar fáil, agus amchláir léaráidí na mbealaí agus eolas úsáideach eile faoin tseirbhís ar taispeáint.

Taispeántar léarscáil de na bealaí agus na stadanna beartaithe thíos:

Léarscáil ag taispeáint dhá bhealach bus ag dul tríd Leitir Ceanainn. Tosaíonn Bealach Bus 1 i Radharc an tSléibhe agus téann sé trí Chnoic an tSionnach, ansin thar Choláiste Ailigh agus isteach go lár an bhaile, ansin téann sé i dtreo an iarthair agus críochnaíonn sé i mBaile Mhic Comhghaill. Téann Bealach Bus 2 ó Lios Naíonán, thar Chorrán na Glaidhbe agus leanann sé ar aghaidh i dtreo an iarthair thar Pháirc Bhaile Raithin agus Scoil Bhaile Raithin. I ndiaidh lár an bhaile, leanann Bealach 2 ar aghaidh i dtreo an iarthuaiscirt trí Bhóthar an Chlochair agus suas chuig Cnoc na Raithní, ag críochnú in An Gleann Rua. I Lár an Bhaile, taistealaíonn an dá bhealach trí Otharlann Leitir Ceanainn, an Stáisiún Bus, an Phríomhshráid, Cearnóg an Mhargaidh, Bóthar an Phiarsaigh agus Teach an Stáisiúin.

Agus is féidir tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an togra ag:

Comharliúchán PDF
GA-ComhairliúchánSeirbhíseBusLeitirCeanainn-202407.pdf

Chuir an tÚdarás líonraí bus uirbigh ar fáil i mbailte de mhéideanna agus den éagsúlacht atá cosúil le Leitir Ceanainn in áiteanna eile sa Tír. D'fhreagair cónaitheoirí na mbailte seo go maith, agus tá na seirbhísí ag dul i méid i n-áisiúlacht agus i dtrácht.

Tá súil againn go mbeidh an tseirbhís i bhfeidhm faoi dheireadh 2025.

D’fhonn a chinntiú go gcuirfimid an tseirbhís is fearr ar fáil do chónaitheoirí, gnólachtaí agus cuairteoirí go Leitir Ceanainn, ba mhaith linn anois cloisteáil uait. Abair linn má thacaíonn tú lenár dtogra agus nocht do chuid tuairimí maidir leis na bealaí, na stadanna, na háiteanna a bhfreastalaítear orthu, amanna feidhme, srl.

Téamaí

Letterkenny Town Service | Seirbhíse Bus Leitir Ceanainn
Any other comments|Aon tuairimí eile
Glac síntiús