Líonra Nua Bus do Cheantar Chluain Buiríosa

Dúnta8 Iúil, 2026, 14:00 - 4 M.F, 2026, 17:00

Cluaisíní príomha

Réamhrá

Agus pleananna ann le haghaidh suas go dtí 9,500 teach agus pobal tuartha de 23,000 duine, tá Cluain Buiríosa ar na háiteanna is mó fáis sa tír. Tógadh thart ar 1,500 teach cheana, agus tá forbairt bhreise á déanamh go tapa lena, n-áirítear bonneagar tacaíochta a chur ar fáil, amhail bóithre, scoileanna agus spásanna pobail oscailte.

Tá dhá stáisiún traenach i gCluain Buiríosa faoi láthair, An Chiseog agus Cluain Dolcáin Cnoc an Fhuaráin, a chuireann dhá cheangal dhíreacha ar fáil isteach go lár na cathrach. Feabhsófar soláthar seirbhísí do na stáisiúin sin go mór tar éis DART+ an Iardheiscirt a chur ar fáil, lena mbainfidh minicíocht agus toilleadh níos mó nuair a chuirfear i bhfeidhm ina iomlán é.

Trasnaíonn seirbhísí bus atá ann cheana an suíomh ag Bóthar Chaisleán na Gráinsí, Bóthar Chnoc an Fhuaráin agus Bóthar an Naoú Loc, rud a chuireann teacht ar an ngréasán bus ar fáil. Tá maoiniú taistil ghníomhaigh á dhíriú ar cheangal a fheabhsú do choisithe agus do rothaithe tríd an suíomh féin agus chuig ceantair máguaird, lena n-áirítear droichid nua iarnróid agus chanála a chur ar fáil sna blianta atá le teacht.

Mar chuid d’fhorbairt Chluain Buiríosa, beidh seirbhísí breise bus a thabhairt isteach riachtanach chun freastal ar riachtanais an phobail atá ag fás. Ag comhoibriú le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, d’aithin an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) go bhfuil bealaí nua bus a chur ar fáil ag teastáil chun teacht ar iompar poiblí atá faoi fhad siúil réasúnta a chinntiú d’áitritheoirí.

Le linn dhearadh na mbealaí nua molta, pléadh forbairt i gCluain Buiríosa a dhéanamh ina céimeanna. Dearadh an mórbhealach trí Chluain Buiríosa, An Nascshráid Theas (NT) mar an phríomhchonair bus. Tá sé beartaithe an NS a oscailt ina iomlán faoi 2029. Roimhe sin, tógfar an chuid thoir den NS ón mbóthar R136, agus meastar go n-osclófar an chuid sin agus go mbeidh an chuid sin in úsáid roimh dheireadh na bliana 2027. Dá bhrí sin, déanfar na bealaí nua bus a thabhairt isteach ina gcéimeanna de réir plean chun teacht le hoscailt agus le hinfhaighteacht oibriúcháin an bhonneagair riachtanaigh.

An Moladh

D’aithníomar go bhfuil trí bhealach nua bus ag teastáil chun freastal ar Chluain Buiríosa. Oibreofar iad sin mar chuid de ghréasán bus Bhaile Átha Cliath a ritheann de ghnáth idir 06:00 agus 00:00, 7 lá sa tseachtain. Beidh na seirbhísí á bhfeidhmiú ag busanna atá inrochtana go hiomlán, busanna a bhfuil urlár íseal agus toilleadh mór acu. Beidh táillí ag teacht le táillí Chrios 1 atá ann cheana, agus áireofar mar chuid de Tháille 90 Nóiméad TFI iad. Cuirfear stadanna bus nua atá lán-inrochtana ar fáil ina dtaispeánfar amchláir, léaráidí bealaí agus faisnéis úsáideach eile faoin tseirbhís.

 

L70 Baile Adaim, Caisleán na Gráinsí, Luas na Bó Deirge

Úsáidfear bóithre agus sráideanna atá ann cheana le haghaidh an bhealaigh áitiúil nua seo idir Baile Adaim agus an Bhó Dhearg. Cuirfear clúdach iompair phoiblí ar fáil do cheantair nach bhfreastalaítear orthu faoi láthair agus cuirfear ceangail nua ar fáil do Bhaile Adaim agus do Chluain Buiríosa. Freastalóidh sé ar an tithíocht nua ag Loc na gCorr in aice leis an mbóthar R120, ar an mol mór fostaíochta ag Caisleán na Gráinsí, agus ar stáisiúin traenach na Ciseoige agus Chluain Dolcáin Cnoc an Fhuaráin trí Bhealach Thomas Omer sula rachaidh sé trí Chluain Dolcáin agus sula dtiocfaidh deireadh leis ag Luas na Bó Deirge.

L71 Baile Adaim, Cluain Buiríosa, Luas na Bó Deirge

Tabharfaidh an bealach nua áitiúil seo seirbhís chuig an taobh thoir de Chluain Buiríosa tríd an Nascshráid Theas. Ar a bhealach, tabharfaidh sé seirbhísí bus ar ais d’Ascaill Bhaile Adaim ag baint leas as lánaí bus atá ann cheana. Cuirfidh an bealach teacht ar stáisiúin traenach na Ciseoige agus Chluain Dolcáin Chnoc an Fhuaráin ar fáil, sula n-úsáidfidh sé Bóthar an Naoú Loc ar a bhealach chuig Cluain Dolcáin agus Luas na Bó Deirge.

77 Baile Adaim, Cluain Buiríosa, Lár na Cathrach

Cuirfidh an tseirbhís an-mhinic nua seo ceangail dhíreacha le lár na cathrach ar fáil trí chroílár Chluain Buiríosa feadh na Nascshráide Theas. Ag tosú ag Baile Adaim cuirfidh sé roghanna breise iompair phoiblí ar fáil do Bhaile Adaim agus don phobal i gcoitinne trí phointe aistrithe ó na cuarbhealaí a gceanglóidh sé leo.

Tá obair mhionsonraithe amchláir do na seirbhísí sin le déanamh fós, ach ceaptar go mbeidh bunleibhéal soláthair seirbhísí ann i lár an lae, i lár na seachtaine mar a leanas:

  • L70 – gach 30 nóiméad
  • L71 – gach 30 nóiméad
  • 77 – gach 15 nóiméad

D’fhéadfadh minicíocht na seirbhísí athrú le linn buaicthréimhsí agus ag an deireadh seachtaine.

Léirítear ar dhá léarscáil anseo thíos ailíniú molta na mbealaí nua atá beartaithe, lena n-áirítear léarscáil amháin ar a léirítear an gréasán áitiúil níos leithne a bheidh á oibriú tar éis cur i bhfeidhm Chéim 8, Dromlach-D BusConnects.



Ba mhaith linn bhur dtuairimí ar na seirbhísí bus atá molta do Chluain Buiríosa a chloisteáil.

Cuir san áireamh:

  • An bhfreastalaíonn na bealaí molta ar áiteanna nach mór duit taisteal chucu.
  • An bhfuil suíomhanna na mbealaí molta áisiúil agus inrochtana.
  • An mhinicíocht agus na huaireanta oibriúcháin atá molta.
  • Aon mholadh eile a d’fhéadfadh rochtain iompair phoiblí a fheabhsú i gCluain Buiríos agus sna ceantair máguaird.

Beidh an comhairliúchán ag dúnadh anois a 5 i.n., Dé hAoine an 4 Meán Fómhair 2026.

Cad é an chéad chéim eile?

Tar éis deiridh an chomhairliúcháin phoiblí, déanfaidh an ÚNI anailís ar an aiseolas a fuarthas agus cuirfear an t-aiseolas sin san áireamh agus ailíniú na mbealaí beartaithe á chur i gcrích. Beidh soláthar agus am na mbealaí molta faoi réir ag ceaduithe mhaoinithe, ag riachtanais phleanála agus ag infhaighteacht an bhonneagair thacaíochta iompair.

Conas aighneacht a dhéanamh

Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, cliceáil ar an gcnaipe “+ DÉAN AIGHNEACHT” ar an leathanach gréasáin seo.

De rogha air sin, is féidir aighneacht a scríobh chuig an seoladh thíos:

Údarás Náisiúnta Iompair
Pleanáil Seirbhísí Iompair,
Teach Mhargadh an Fhéir,
Margadh na Feirme,
Baile Átha Cliath 7,
D07 CF98

Imeacht Faisnéise Poiblí

Más mian leat na pleananna a phlé le hionadaí ón Údarás Náisiúnta Iompair (NTA), is féidir leat freastal ar ár seisiún comhairliúcháin ar an 28 Iúil i Leabharlann Chluain Dolcáin, Cluain Dolcáin, idir 12.00 agus 19.00.

Príobháideacht Sonraí

Má dhéanann tú aighneacht, léiríonn sé go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais an ÚNI agus le Ráiteas Príobháideachais an ÚNI maidir le Comhairliúchán Poiblí. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le [email protected].

Saoráil Faisnéise

Tá an ÚNI faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus, dá bhrí sin, ní mór dó breithniú a dhéanamh ar aon iarratas ar fhaisnéis a dhéantar faoin Acht sin. Is féidir go bhfoilseofar gach iarratas a cuireadh isteach.

Téamaí

Bus
Clonburris
Adamstown
SDCC
Clondalkin
Glac síntiús