Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) ag moladh feabhsuithe a dhéanamh ar leibhéal seirbhíse de cheithre phríomhchonair bus agus ba mhaith leo do thuairim a chloisteáil.
Díríonn na feabhsuithe molta ar na conairí seo a leanas:
Ceatharlach – Cnoc an Eanaigh
Áth na nUrlainn – Durlas
Gráig na Manach – Cill Chainnigh
Aonach – Cluain Meala
I gcás inarb infheidhme, comhtháthófar na conairí molta isteach chuig aip TFI Go agus beidh sé mar chuid den scéim Cártaí Leap, chun pleanáil turais níos éasca agus íocaíochtaí gan airgead tirim do phaisinéirí a éascú. Ina theannta sin, glacfar le Pas Saorthaistil ar bhealaí incháilithe.
Fiosróimid freisin an bhféadfaimid freastail ar na conairí seo le feithiclí inrochtana, nua-aimseartha agus oibreoimid i ndlúthchomhar le hÚdaráis Áitiúla chun bonneagar stad a fheabhsú.
Tá sé beartaithe againn na moltaí a chur i bhfeidhm ó dheireadh 2025 ar aghaidh ach beidh sé sin á bhaint amach faoi réir na gcistí agus na hacmhainní breise a bhfuil gá leo a bheith ar fáil.
Tá na feabhsuithe seo mar chuid den Phlean Soghluaisteachta Tuaithe um Éire a Nascadhar mhórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí é arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Iompar d’Éirinn (TFI).
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo ná chun aiseolas a bhailiú ón bpobal a úsáidfear ansin chun leibhéal seirbhísí ar feadh na conaire seo a fheabhsú.
Molaimid duit do thuairimí a roinnt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na hathruithe beartaithe seo ar d’eispéireas turais.
Sonraí na Moltaí
Ceatharlach – Cnoc an Eanaigh:
Tá sé mar chuspóir againn seirbhísí níos rialta a sholáthar ar Chonair Cheatharlach – Cnoc an Eanaigh a fheabhsóidh comhtháthú le bealaí busanna eile agus seirbhísí iarnróid. Tá sé mar aidhm againn na nithe seo a leanas a sholáthar:
Seirbhís seacht lá in aghaidh na seachtaine idir Ceatharlach agus Cnoc an Eanaigh, ag freastal ar Bhaile Mhic Thiarnáin, Tulach, Ráth Bhile, Bealach Conglais, Cill Téagáin agus Baile Haicéid.
Cuirfidh an tseirbhís molta seo leibhéil seirbhísí feabhsaithe suntasaích ar fáil, ag soláthar ceithre bhus in aghaidh an lae idir Ceatharlach agus Cnoc an Eanaigh.
Cur chun cinn ar nascacht le seirbhísí réigiúnacha agus áitiúla ag Stáisiún Traenach Cheatharlach.
Fíor 1: Léarscáil Chonair Cheatharlach - Cnoc an Eanaigh ag léiriú forluí páirteach le bealaí eile (132, 800, agus 874)
Áth na nUrlainn – Durlas:
Tá sé mar chuspóir againn seirbhísí níos rialta a sholáthar ar Chonair Áth na nUrlainn – Durlas a fheabhsóidh comhtháthú le bealaí busanna eile agus seirbhísí iarnróid. Tá sé mar aidhm againn na nithe seo a leanas a sholáthar:
Seirbhís seacht lá in aghaidh na seachtaine idir Áth na nUrlainn agus Durlas, ag freastal ar Bhaile Sheáin, Crois Phádraig, Teampall Tuaithe, Maighean agus Stáisiún Traenach Dhurlais.
Cuirfidh an tseirbhís molta seo leibhéil seirbhísí feabhsaithe shuntasacha agus uaireanta oscailte sínte idir Áth na nUrlainn agus Durlas ar fáil. Cuirfidh an tseirbhís molta seo ag soláthar, leis na seirbhísí reatha, ceithre bhus in aghaidh an lae idir Áth na nUrlainn agus Durlas.
Cur chun cinn ar nascacht le seirbhísí réigiúnacha agus áitiúla ag Stáisiún Traenach Dhurlais.
Fíor 2: Léarscáil Chonair Áth na nUrlainn - Durlas ag léiriú forluí páirteach le bealaí eile (393, 812, agus 828)
Gráig na Manach – Cill Chainnigh
Tá sé mar chuspóir againn seirbhísí níos rialta a sholáthar ar Chonair Ghráig na Manach – Cill Chainnigh a fheabhsóidh comhtháthú le bealaí busanna eile agus seirbhísí iarnróid. Tá sé mar aidhm againn na nithe seo a leanas a sholáthar:
Seirbhís seacht lá in aghaidh na seachtaine idir Gráig na Manach agus Durlas, ag freastal ar Bhuiríos, Droichead Nua, Gabhrán agus Clárach.
Cuirfidh an tseirbhís molta seo leibhéil seirbhísí feabhsaithe shuntasacha agus uaireanta oscailte sínte idir Gráig na Manach agus Cill Chainnigh ar fáil. Méadóidh an tseirbhís molta suas go ceithre thuras fillte in aghaidh an lae idir Gráig na Manach agus Cill Chainnigh.
Cur chun cinn ar nascacht le seirbhísí réigiúnacha agus áitiúla ag Stáisiún Traenach Chill Chainnigh.
Fíor 3: Léarscáil Chonair Ghráig na Manach - Cill Chainnigh ag léiriú forluí páirteach le bealaí eile (4, 881, 882, agus 887)
Aonach – Cluain Meala
Tá sé mar chuspóir againn seirbhísí níos rialta a sholáthar ar Chonair Aonach – Cluain Meala a fheabhsóidh comhtháthú le bealaí busanna eile agus seirbhísí iarnróid. Tá sé mar aidhm againn na nithe seo a leanas a sholáthar:
Seirbhís seacht lá in aghaidh na seachtaine idir Aonach agus Cluain Meala, ag freastal ar Bhuiríos Ó Luigheach, Teampall Mór, Durlas, Mainistir na Croiche, Bóthar Leathan, Caiseal agus Baile Uí Chléireacháin.
Cuirfidh an tseirbhís mholta seo leibhéil seirbhísí feabhsaithe shuntasacha agus uaireanta oscailte sínte idir Aonach agus Cluain Meala ar fáil. Rachaidh an tseirbhís seo le minicíocht dhá uair a chloig, ag soláthar ocht mbus in aghaidh an lae idir Aonach agus Cluain Meala.
Cur chun cinn ar nascacht le seirbhísí réigiúnacha agus áitiúla ag Stáisiún Traenach Dhurlais.
Fíor 4: Léarscáil Chonair Aonach - Cluain Meala ag léiriú forluí páirteach le bealaí eile (394, 395, agus 855)
Conas aighneacht a dhéanamh
Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, cliceáil ar an gcnaipe “+ DÉAN AIGHNEACHT” ar an leathanach gréasáin seo.
De rogha air sin, is féidir aighneacht a scríobh chuig an seoladh thíos:
Comhairliúchán Poiblí Éire a Nascadh Deireadh Fómhair 2024,
An tSeirbhís Pleanála Iompair,
An tÚdarás Náisiúnta Iompair,
Dún Scéine,
Lána Fhearchair,
Baile Átha Cliath D02 WT20.
Dáta Deiridh
Cuirimid fáilte roimh an aiseolas agus an tráchtaireacht go léir ar feadh tréimhse ceithre seachtaine – is é an dáta deiridh ná 15/11/2024 ag 17:00.
Ráiteas Príobháideachais Sonraí
Má dhéanann tú aighneacht, léiríonn sé go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais an ÚNI agus le Ráiteas Comhchomhairle Poiblí um Príobháideachais an ÚNI. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil le [email protected]
Saoráil Faisnéise
Tá an ÚNI faoi réir fhorálacha an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, agus mar sin, caithfear breathnú ar gach iarratas ar eolas atá curtha faoin Acht sin. Foilseofar aighneachtaí a gheofar chuig na comhairliúcháin ar líne.
Comhairliúchán Poiblí Éire a Nascadh Deireadh Fómhair 2024
Primary tabs
Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) ag moladh feabhsuithe a dhéanamh ar leibhéal seirbhíse de cheithre phríomhchonair bus agus ba mhaith leo do thuairim a chloisteáil.
Díríonn na feabhsuithe molta ar na conairí seo a leanas:
I gcás inarb infheidhme, comhtháthófar na conairí molta isteach chuig aip TFI Go agus beidh sé mar chuid den scéim Cártaí Leap, chun pleanáil turais níos éasca agus íocaíochtaí gan airgead tirim do phaisinéirí a éascú. Ina theannta sin, glacfar le Pas Saorthaistil ar bhealaí incháilithe.
Fiosróimid freisin an bhféadfaimid freastail ar na conairí seo le feithiclí inrochtana, nua-aimseartha agus oibreoimid i ndlúthchomhar le hÚdaráis Áitiúla chun bonneagar stad a fheabhsú.
Tá sé beartaithe againn na moltaí a chur i bhfeidhm ó dheireadh 2025 ar aghaidh ach beidh sé sin á bhaint amach faoi réir na gcistí agus na hacmhainní breise a bhfuil gá leo a bheith ar fáil.
Tá na feabhsuithe seo mar chuid den Phlean Soghluaisteachta Tuaithe um Éire a Nascadh ar mhórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí é arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Iompar d’Éirinn (TFI).
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo ná chun aiseolas a bhailiú ón bpobal a úsáidfear ansin chun leibhéal seirbhísí ar feadh na conaire seo a fheabhsú.
Molaimid duit do thuairimí a roinnt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na hathruithe beartaithe seo ar d’eispéireas turais.
Sonraí na Moltaí
Ceatharlach – Cnoc an Eanaigh:
Tá sé mar chuspóir againn seirbhísí níos rialta a sholáthar ar Chonair Cheatharlach – Cnoc an Eanaigh a fheabhsóidh comhtháthú le bealaí busanna eile agus seirbhísí iarnróid. Tá sé mar aidhm againn na nithe seo a leanas a sholáthar:
Fíor 1: Léarscáil Chonair Cheatharlach - Cnoc an Eanaigh ag léiriú forluí páirteach le bealaí eile (132, 800, agus 874)
Áth na nUrlainn – Durlas:
Tá sé mar chuspóir againn seirbhísí níos rialta a sholáthar ar Chonair Áth na nUrlainn – Durlas a fheabhsóidh comhtháthú le bealaí busanna eile agus seirbhísí iarnróid. Tá sé mar aidhm againn na nithe seo a leanas a sholáthar:
Fíor 2: Léarscáil Chonair Áth na nUrlainn - Durlas ag léiriú forluí páirteach le bealaí eile (393, 812, agus 828)
Gráig na Manach – Cill Chainnigh
Tá sé mar chuspóir againn seirbhísí níos rialta a sholáthar ar Chonair Ghráig na Manach – Cill Chainnigh a fheabhsóidh comhtháthú le bealaí busanna eile agus seirbhísí iarnróid. Tá sé mar aidhm againn na nithe seo a leanas a sholáthar:
Fíor 3: Léarscáil Chonair Ghráig na Manach - Cill Chainnigh ag léiriú forluí páirteach le bealaí eile (4, 881, 882, agus 887)
Aonach – Cluain Meala
Tá sé mar chuspóir againn seirbhísí níos rialta a sholáthar ar Chonair Aonach – Cluain Meala a fheabhsóidh comhtháthú le bealaí busanna eile agus seirbhísí iarnróid. Tá sé mar aidhm againn na nithe seo a leanas a sholáthar:
Fíor 4: Léarscáil Chonair Aonach - Cluain Meala ag léiriú forluí páirteach le bealaí eile (394, 395, agus 855)
Conas aighneacht a dhéanamh
Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, cliceáil ar an gcnaipe “+ DÉAN AIGHNEACHT” ar an leathanach gréasáin seo.
De rogha air sin, is féidir aighneacht a scríobh chuig an seoladh thíos:
Comhairliúchán Poiblí Éire a Nascadh Deireadh Fómhair 2024,
An tSeirbhís Pleanála Iompair,
An tÚdarás Náisiúnta Iompair,
Dún Scéine,
Lána Fhearchair,
Baile Átha Cliath D02 WT20.
Dáta Deiridh
Cuirimid fáilte roimh an aiseolas agus an tráchtaireacht go léir ar feadh tréimhse ceithre seachtaine – is é an dáta deiridh ná 15/11/2024 ag 17:00.
Ráiteas Príobháideachais Sonraí
Má dhéanann tú aighneacht, léiríonn sé go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais an ÚNI agus le Ráiteas Comhchomhairle Poiblí um Príobháideachais an ÚNI. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil le [email protected]
Saoráil Faisnéise
Tá an ÚNI faoi réir fhorálacha an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, agus mar sin, caithfear breathnú ar gach iarratas ar eolas atá curtha faoin Acht sin. Foilseofar aighneachtaí a gheofar chuig na comhairliúcháin ar líne.
Roinn
Aighneachtaí
Ceisteanna