Athbhreithniú ar Sheirbhís Bus Bhaile Chluain Meala

Oscailte27 Lún, 2026, 14:00 - 5 D.F, 2026, 17:00

Cluaisíní príomha

Athbhreithniú ar Sheirbhís Bus Bhaile Chluain Meala

Mar chuid dár bpróiseas leanúnach monatóireachta agus athbhreithnithe seirbhísí, tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) ag déanamh athbhreithniú ar Sheirbhís Bus Bhaile Chluain Meala. Ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil maidir leis na bealaí ina bhféadfaí feabhas a chur ar sheirbhísí bus sa bhaile.

Cúlra

Seoladh Seirbhís Bus Bhaile Chluain Meala i mí na Nollag 2023, agus is é Nasc Áitiúil TFI Thiobraid Árann a reáchtálann í. Faoi láthair, tá trí bhealach bus sa líonra: CL1, CL2 agus CL9.

Reáchtáiltear Bealach CL1 idir Páirc Mhiondíola Pháirc na bPoipíní agus Crann Ard, agus reáchtáiltear Bealach CL2 idir Páirc Ghnó Ard Gaoithe agus Crann Ard. Le chéile, bíonn bealaí CL1 agus CL2 á reáchtáil ar feadh breis agus 16 uair an chloig sa lá, ón Luan go dtí an Satharn, agus uaireanta oibriúcháin beagán níos giorra ar an Domhnach.

Reáchtáiltear busanna ar bhealaí CL1 agus CL2 gach 60 nóiméad. Tagann bealaí CL1 agus CL2 le chéile idir Sráid na Banríona agus Crann Ard, rud a chuireann minicíocht 30 nóiméad ar fáil ar an gcuid sin den bhealach, lena n-áirítear ar Shráid Uí Chonaill.

Reáchtáiltear Bealach CL9 idir Páirc Ghnó Ard Gaoithe agus Crann Ard trí Pháirc Mhiondíola Pháirc na bPoipíní. Reáchtáiltear an tseirbhís dhá uair sa lá chun seirbhís a chur ar fáil go luath ar maidin agus go déanach sa tráthnóna.

Chomh maith le turais áitiúla a chur ar fáil laistigh den bhaile, éascaíonn Seirbhís Bus Bhaile Chluain Meala taisteal ar aghaidh chuig príomhchinn scríbe, lena n-áirítear Cill Chainnigh, Cathair Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus cuireann sí nascacht fheabhsaithe ar fáil le líonra níos leithne Transport for Ireland (TFI).

Comhlánaítear Seirbhís Bus Bhaile Chluain Meala le Bealach 356, a reáchtáiltear idir Cluain Meala agus Baile an Róid trí Dhún Garbhán, agus é faoi stiúir Nasc Áitiúil TFI Phort Láirge. Le bealach 356, soláthraítear seirbhís chuig Páirc an Mharla, Stáisiún Traenach Chluain Meala agus an Seandroichead, agus ocht dturas fillte in aghaidh an lae, ón Luan go dtí an Domhnach. Tá an chuid de bhealach 356 idir Páirc an Mharla agus an Seandroichead san áireamh sa struchtúr táille 90 nóiméad, rud a cheadaíonn aistriú saor in aisce chuig Seirbhís Bus Bhaile Chluain Meala.

Taispeántar Seirbhís Bus Bhaile Chluain Meala ar an léarscáil thíos.

Léaráid de sheirbhísí Bus agus Traenach TFI i gCluain Meala. Léirítear sa léaráid seo Bealaí CL1, CL2, CL9 agus 356, chomh maith leis an líne iarnróid idir Luimneach agus Port Láirge.

Fíor 1: Seirbhísí Bus agus Traenach TFI Bhaile Chluain Meala

An Comhairliúchán Seo

Ba mhaith linn do thuairimí a fháil faoi Sheirbhís Bus Bhaile Chluain Meala, go háirithe faoi na bealaí ina gceapann tú gur féidir í a fheabhsú.

Conas Aighneacht a Dhéanamh

Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, cliceáil ar an gcnaipe “+ DÉAN AIGHNEACHT” ar an leathanach gréasáin seo.

De rogha air sin, is féidir aighneacht a scríobh chuig an seoladh thíos:

Athbhreithniú ar Sheirbhís Bus Bhaile Chluain Meala
Údarás Náisiúnta Iompair
Pleanáil Seirbhísí Iompair,
Teach Mhargadh an Fhéir,
Margadh na Feirme, 
Baile Átha Cliath 7,
D07 CF98

Dáta Deiridh

Is féidir tuairimí maidir le Seirbhís Bus Bhaile Chluain Meala a chur isteach anseo tráth nach déanaí ná Dé Luain, an 5 Deireadh Fómhair 2026 ag 17:00.

Príobháideacht Sonraí

Má dhéanann tú aighneacht, léiríonn sé go n-aontaíonn tú le Ráiteas Príobháideachais ÚNI agus le Ráiteas Príobháideachais ÚNI maidir le Comhairliúchán Poiblí. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le [email protected] 

Saoráil Faisnéise

Tá an ÚNI faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus, dá bhrí sin, ní mór dó breithniú a dhéanamh ar aon iarratas ar fhaisnéis a dhéantar faoin Acht sin. Is féidir go bhfoilseofar gach iarratas a cuireadh isteach.

Téamaí

Bus
Glac síntiús